Anthony Fokker
Cuma
(Athsheolta ó Anthony Herman Gerard Fokker)
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 Aibreán 1890 Iáva |
Bás | 23 Nollaig 1939 49 bliana d'aois Nua-Eabhrac, New York |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Meiningíteas) |
Áit adhlactha | Westerveld (en) |
Áit chónaithe | Kediri Haarlem |
Teanga dhúchais | an Ollainnis |
Gníomhaíocht | |
Gairm | innealtóir aeraspáis, innealtóir eitilte, fiontraí, innealtóir, eitleoir |
Teangacha | An Ollainnis |
Teaghlach | |
Céile | Sophie Marie Elisabeth von Morgen (1919–) Violet Eastman (1927–) |
Páiste | Johan Pieter Fokker ( ) |
Duine muinteartha | Timon Henricus Fokker (col ceathair fireann) |
Croineolaíocht | |
1 Meán Fómhair 1911 | Fokker flight Haarlem (en) |
Gradam a fuarthas | |
Innealtóir aerárthach a rugadh in Kediri, Iáva ab ea Anton Herman Gerard "Anthony" Fokker (6 Aibreán 1890-23 Nollaig 1939). Thóg sé a chéad eitleán i 1911, agus i 1913 bhunaigh monarcha i Schwerin sa Ghearmáin a rinne eitleáin chogaidh d'aerfhórsa na Gearmáine sa chéad chogadh domhanda. Bhog sé an comhlacht go dtí an Ísiltír sa bhliain 1919, agus chuir sé craobh den chomhlacht ar siúl sna Stáit Aontaithe sa bhliain 1927, mar atá an Atlantic Aviation Corporation. Chuir sé féin faoi sa tír úd faoin mbliain chéanna. Fuair Fokker bás leis an meiningíteas niúmacocúil i gCathair Nua-Eabhrac sa bhliain 1939.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Anthony Herman Gerard Fokker". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 279.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |