Antaiseipteán
Cuma
Is éard is antaiseipteán[1] ann ná ábhar a mharaíonn miocrorgánaigh (frídíní) nó a chuireann bac ar a bhfás. Bhí úsáid ceimiceán ar leith chun srian a chur ar bhracadh gortuithe is scaipeadh galar, agus coirp mharbha a chaomhnú (balsamú), go forleathan ar feadh na gcéadta bliain sara raibh aon eolas nó tuiscint ar mhiocrorgánaigh. Thug Lister cleachtadh na máinliachta antaiseiptí isteach le húsáid feanóil i 1865. Is iad na antaiseipteáin is coitianta na halcóil, na feanóil, salainn na miotal trom, agus comhdhúile a fhuasclaíonn clóirín is iaidín.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): antaiseipteán” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-05-05.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Antaiseipteán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 41.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |