Anne Marie McMahon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAnne Marie McMahon

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
BreithContae an Chláir Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
GairmGarda Síochána Cuir in eagar ar Wikidata

Is Leas-Choimisinéir de chuid an Gharda Síochána í Anne Marie McMahon agus tá taithí 37 mbliana aici ag plé le cúrsaí póilíneachta leo. Ceapadh ina Leas‑Choimisinéir í sa bhliain 2021, agus tá sí freagrach as Póilíneacht agus Slándáil. Is as Contae an Chláir di.

Sa bhliain 2020, ceapadh í mar Leas-Choimisinéir Gníomhach agus bhí freagracht ar leith uirthi as cúrsaí Straitéise, Rialachais agus Feidhmiúcháin agus as cur i bhfeidhm an chláir athchóirithe ‘Seirbhís Póilíneachta don Todhchaí’.

Ba í an chéad bhean í a ceapadh ina Leas-Choimisinéir agus freagracht uirthi as Réigiún Theas an Gharda Síochána. Roimhe sin bhí sí ina hArd-Cheannfort agus í freagrach as Biuró an Gharda Síochána don Chaidreamh Pobail. Ceapadh ina dhiaidh sin í mar Stiúrthóir Oiliúna ar Choláiste an Gharda Síochána. Tá taithí aici ar an bpóilíneacht uirbeach agus tuaithe araon; ba i stáisiún sa Chúlóg i mBaile Átha Cliath a chuaigh sí ag obair ar dtús agus ina dhiaidh sin d’fhóin sí i gCathair Luimnigh agus i gContae Luimnigh chomh maith.

Sa bhliain 1993 rinne sí seirbhís le Misean Údarás Idirthréimhseach na Náisiún Aontaithe sa Chambóid (UNTAC).

Cáilíochtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Dioplóma sa Phóilíneacht agus i gCearta an Duine, Ollscoil Luimnigh, 2021.
  • Dioplóma sa Ghnó agus sa Chóitseáil Feidhmiúcháin, Scoil Ghnó Michael Smurfit, 2014
  • MBS - Bainistíocht Acmhainní Daonna, Ollscoil Luimnigh, 2010

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]