Ankylosaurus
Cuma
Sonraí | |
---|---|
Príomhfhoinse bia | luibhiteoir |
Fad | 8 m |
Mais | 6 t |
Tréimhse ama | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Reptilia |
Ord | Ornithischia |
Fine | Ankylosauridae |
Fofhine | Ankylosaurinae |
Géineas | Ankylosaurus Brown, 1908 |
Méid | |
Ba dhineasár mór ceathairchosach é an Ankylosaurus (Gaeilge: ancalasár).[1] Ba é an ball is mó dá mhuintir é. Bhí sé armúrtha go láidir le plátaí dronuilleogacha cnámhacha ar feadh na colainne is an eireabaill. Bhí a cheann beag, le fiacla laghdaithe nó as láthair. Bhí cleith mór ag críoch a eireabaill; baineadh úsáid as seo chun é féin a chosaint ó chreachadóirí. D'itheadh sé fásra agus bhí cónaí air i Meiriceá Thuaidh, agus bhí sé ag maireachtáil le Trícheireatóp agus Tyrannosaurus rex. Faightear iarsmaí de ón tréimhse Chailceach i Meiriceá Thuaidh.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““ancalasár” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-13.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ancalasár". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 39.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |