Luibhiteoir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ainmhí a itheann fásra. Lipéad a úsáidtear go háirithe do na mamaigh mhóra phlanditeacha, cosúil leis na crúbaigh. Bíonn a fhiacla oiriúnaithe chun na plandaí a mheilt, agus a phutóg chun ceallalós a dhíleá. Ní hionann is na feoilitigh, ord ar leith de na mamaigh, níl i ‘luibhiteoir’ ach focal tuairisciúil, agus clúdaíonn sé cuid mhaith foirmeacha nach bhfuil gaolmhar le chéile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Luibhiteoir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 422.