Angaplaiste bhalúin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Angaplaiste bhalúin

Teicníocht atá réasúnta simplí is caoin go leor don othar, a ndéantar taobh inmheánach na n-artairí sa chroí a dheisiú léi. Instealltar cataidéar ar leith i bhféith nó artaire forimeallach. Brúitear a rinn go dtí an t-artaire sa chroí a bhfuil scléaróis á chalcadh, faoi iniúchadh le fluarascópacht X-ghathach an t-am ar fad. Agus an rinn san ionad cuí san artaire, séidtear suas balún beag ansin le gás. Brúnn sé seo an phlaic scléaróise ar feadh balla an artaire. Ar an gcaoi seo osclaítear an t-artaire agus feabhsaíonn an sruth fola ann.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Angaplaiste bhalúin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 40.