Angagrafaíocht dhigiteach dhealaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Angagrafaíocht dhigiteach dhealaithe

Íomháú sa mhíochaine inar féidir fuileadán ina bhfuil bac éigin a fheiceáil. Ciallaíonn an focal angagrafaíocht ‘íomháú na bhfuileadán’, agus bíonn sí bunaithe ar íomháú le X-ghathanna. In ionad gnáthphictiúir a dhéanamh, íomhá dhigiteach a dhéantar sa chóras seo, ar féidir na sonraí chuige a stóráil i gcuimhne ríomhaire. Ar dtús déantar íomhá den pháirt ar leith den cholainn, agus stóráiltear an íomhá sin. Ansin instealltar ábhar radaitheimhneach a bhfuil iaidín ann, mar shampla, isteach in imshruthú na fola, agus déantar íomhá X-ghathach eile den pháirt chéanna den cholainn. Dealaítear an chéad íomhá ón dara íomhá, pointe ar phointe, leis an ríomhaire chun íomhá níos soiléire fós a dhéanamh de na fuileadáin. Is féidir fuileadáin chomh beag le 1 mm a fheiceáil, áit ar bith sa cholainn. An-chumasach chun deacrachtaí imshruthú fola i matáin an chroí féin a aithint agus taomanna croí a sheachaint.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Angagrafaíocht dhigiteach dhealaithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 40.