Angagrafaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Angagrafaíocht

Teicníocht raideolaíoch chun rianta is cumraíocht na bhfuileadán a léiriú i gcodanna éagsúla na colainne. Instealltar tuaslagán radaitheimhneach isteach i bpríomhartaire, agus méadaíonn sé seo an chodarsnacht X-ghathach idir na fuileadáin is na fíocháin sa chomharsanacht. Díreach i ndiaidh an insteallta tógtar sraith íomhánna X-ghathacha go tapa i ndiaidh a chéile chun cúrsa na fola a iniúchadh. Tá an teicníocht seo áisiúil chun cúngú nó bac i bhfuileadán a aimsiú, mar a tharlaíonn i ngalar corónach croí. Uaireanta léiríonn sí méadú sa soithíochú, mar a tharlaíonn le hailse.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Angagrafaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 40.