Anfield

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Anfield
Image of interior (en)
Íomhá
Sonraí
Cineál Staid sacair
Ailtire Archibald Leitch
Foirgníocht 1884 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na hoscailte oifigiúla 1885 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinAnfield agus Learpholl
Suíomh Anfield Road, Liverpool L4 0TH
 53°25′51″N 2°57′39″W / 53.4308°N 2.9608°W / 53.4308; -2.9608
Le cuid The Liverpool FC Story (en) Aistrigh
Gníomhaíocht
Úinéir Liverpool Football Club
Oibreoir Liverpool Football Club
Suíocháin 54,167
Club Liverpool Football Club (1892)
Everton Football Club (1884–1892)
Láithreán gréasáin oifigiúil liverpoolfc.tv…

Staid pheile (sacair) is ea Anfield atá suite i Learpholl, Sasana. Páirc bhaile an chumainn Liverpool F.C. atá ann, ó bhunaíodh thiar sa bhliain 1892 é. Staid bhaile Everton F.C. a bhíodh ann roimhe sin, idir na blianta 1884 agus 1892, sular bhogadar go Páirc Goodison trasna na cathrach.

Tá 45,276 suíochán ann, agus iad roinnte idir ceithre ardán – an Spion Kop, an Príomh Ardán, Ardán an Chéid agus Bóthar Anfield. Taifeadadh an slua ba mhó riamh in Anfield (61,905) sa chluiche idir Liverpool agus Wolverhampton Wanderers sa bhliain 1952. Rinneadh staid lán-suíochán di sa bhliain 1994, áfach, mar a moladh sa Tuarascáil Taylor tar éis an Tubaiste Hillsborough, inar bhásaigh 96 de lucht leanta an chumainn. Laghdaíodh toilleadh na páirce dá bharr.

Tá dhá de gheataí na páirce ainmnithe in ómós do bheirt iar-bhainisteoirí an chlub – mar atá Bill Shankly agus Bob Paisley.

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Panorama Anfield, 20.12.2012, Point of View: Anfield Road Stand; left: Centenary Stand, middle: Kop Stand; right: Main Stand