Anailís idirbheartaíochta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Modh oibre sa tsíciteiripe ina ndéantar anailisiú ar chion an tuismitheora, an pháiste nó duine fhásta eile in imoibriú, chomh maith le patrún neamhaireachtálach gníomhartha an othair a chur san áireamh. Déantar é seo chun deacrachtaí mothúcháin a réiteach, agus na straitéisí ar leith a úsáideann duine ina chumarsáid shóisialta a thabhairt chun suntais. An síciatraí Eric Berne (1910-1970) a thug an modh oibre seo chun cinn ó na 1940idí chun aidhmeanna cóireála a bhaint amach níos tapa ná sa ghnáthshícanailís. Le blianta anuas, is fo-chuid shuntasach í i dtraenáil ghairmiúil is bhainistiúil.