An Illír

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó An tIllír)
Illyria, Proibhinse Rómánach

San Ársaíocht chlasaiceach, do bhí limistéir fhada shléibhteach ar chósta Mhuir Aidriad ar an taobh thuaidh den Epír darbh ainm an Illír (Gréigis Ársa: Ἰλλυρία nó Ἰλλυρίς; Laidin: Illyria), a bhí ina réigiún ina raibh na hIllírigh ina gcónaí ann.

Tá an tréimhse réamhstairiúil de chuid na hIllíre agus na nIllíreach ar eolas againn ó fhianaise seandálaíochta. Chloígh na Rómhánaigh an réigiún sa bhliain 168 RC i ndiaidh na gCogaí Illíreach. Is é is brí leis an t-ainmniú 'Illyria' ná an réigiún timpeall na mBalcán Thiar mar a d'fheictí ó thaobh na Róimhe de, díreach mar atá Magna Germania ina théarma garbh geografach nach bhfuil leagtha amach ag aon aontacht teanga nó eitneach.