An Teachdaire Gaelach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de publicacions periòdiquesAn Teachdaire Gaelach
Cineálirisleabhar
Cárta innéacs
Am tosaigh1829 Cuir in eagar ar Wikidata
Am deiridh1831 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba iris mhíosúil é An Teachdaire Gaelach a bhí foilsithe ó 1829 go 1831. Curtha in eagar ag an Urramach Tormod MacLeoid ("Caraid nan Gaidheal"), agus clóbhuailte ag Uilleam MacPhuin i nGlaschú, is é An Teachdaire Gaelach an iris ráithiúil is sine a foilsíodh i nGaeilge na hAlban a bhfuil cóipeanna a tháinig slán go dtí an lá inniu.

Iris ghinearálta a bhí inti, a d'fhoilsigh altanna ar ábhair ón bhéaloideas go teicneolaíochtaí nua an lae. Tá na haltanna ar an teicneolaíocht níos laige ná altanna sna hirisí Albanacha comhaimseartha a bhí foilsithe i mBéarla, agus tá blas na soiscéalaíochta ar go leor de na haltanna seo, a scríobh MacLeoid féin. Is dócha nach dtaispeánann seo ach an cúram trom a thug MacLeoid air féin ag freastal ar a chomh-Ghaeil le hiris ráithiúil, in aghaidh na scórtha a bhí foilsithe ag an am i mBéarla.

Tá Imleabhar I, Uimh. 1-12 (Cheitean 1829 - Giblean 1830), ar fáil le léamh ar an Idirlíon ag www.archive.org.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]