An Interlingua
Interlingua agus interlingua | |
---|---|
![]() | |
Cruthaitheoir | International Auxiliary Language Association agus Alexander Gode |
Dáta | 1951 |
Cineál | teanga chumtha agus teanga chúnta idirnáisiúnta |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 1,500 (2000) |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir Interlingua agus aibítir Laidineach |
Institiúid caighdeánaithe | International Auxiliary Language Association |
Cóid | |
ISO 639-1 | ia |
ISO 639-2 | ina |
ISO 639-3 | ina |
Glottolog | inte1239 |
IETF | ia |
Teanga idirnáisiúnta chúnta (TIC) is ea an teanga Interlingua ("idirtheanga") (ISO 639 cóid teangan ia, ina) a thionscnaíodh an 'International Auxiliary Language Association' (IALA) idir 1937 agus 1951. Is í an dara nó tríú TIC a úsáidtear go forleathan, i ndiaidh na Sprantaise agus b'fhéidir Ídis, agus an TIC nádúraíoch is mó a úsáidtear go forleathan: i bhfocail eile, tá a stór focal, gramadach agus tréithe eile díorthaithe den chuid is mó ó theangacha nádúrtha. Forbraíodh Interlingua i mbealach is go mbeadh gramadach shimplí, rialta den chuid is mó le foclóir coiteann don réimse is leithne teangacha aici, ionas go mbeidh sé éasca í a fhoghlaim, ar a laghad dóibh siúd a bhfuil eolas acu ar theanga nó ar na dteangacha a d'úsáideadh mar thuismí soláthaircha d' fhoclóiríní agus do ghramadach na hInterlingua. Os a choinne sin, bíonn sí in úsáid mar thabhairt isteach thapa le haghaidh teangacha nádúrtha a fhoghlaim.
Litríocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar dtús, baineadh úsáid as Interlingua go príomha le haghaidh achoimrí eolaíocha agus leabhair foghlama teanga. Ní raibh an cruthaitheoir, Alexander Gode, ag súil go n-úsáidfí é le haghaidh mórán eile.
Le himeacht ama, tháinig saothair chruthaitheacha le feiceáil. Sna 1960idí, d’aistrigh agus d’fhoilsigh Eric Ahlström gearrfhicsean in Interlingua. Bhí Sven Collberg, scríbhneoir Sualannach, ar dhuine de na húdair ba ghníomhaí, ag scríobh agus ag aistriú mórán dánta agus scéalta.
I rith na 1970idí agus 1980idí, foilsíodh níos mó saothar bunaidh agus aistriúcháin, lena n-áirítear síscéalta agus filíocht. Aistriúcháin de údair clasaiceacha ar nós Hans Christian Andersen, Carlo Goldoni, agus John Bunyan sna 1990í freisin.
Le blianta beaga anuas, tá scríbhneoirí nua cosúil le Vicente Costalago agus Eduardo Ortega ag leanúint orthu ag scríobh agus ag aistriú litríochta in Interlingua, ag taispeáint go bhfuil an teanga fós á húsáid don scríbhneoireacht chruthaitheach inniu.
Samplaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Paidir an Tiarna as Interlingua:
|
Paidir an Tiarna as Interlingue:
|
An téacs céanna as Laidin:
|
An téacs céanna as Gaeilge
|