Idirtheangeolaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Baineann an idirtheangeolaíocht leis an téarma Laidine interlingua, a chiallaíonn "cumarsáid idir daoine le teangacha éagsúla".

Seo an sainmhíniú a thugann an Dr Detlev Blanke, duine de na saineolaithe domhanda ar an mbrainse nua seo den teangeolaíocht:

"Baineann an idirtheangeolaíocht (Béarla ‘interlinguistics’, Gearmáinis "Interlinguistik", Fraincis "interlinguistique", Rúisis "interlingvistika", Iodáilis "interlinguistica"), leis an téarma Laidine "interlingua", a chiallaíonn "cumarsáid idir daoine le teangacha éagsúla".

Dá bhrí sin, is féidir an "idirtheangeolaíocht" a thuiscint, óna struchtúr moirféimeach, mar eolaíocht a bhaineann le dhá réimse eolais:

  1. /interlingua/ + /istics/: eolaíocht na n-interlinguae, .i. staidéar ar theangacha mar mheán don chumarsáid idirnáisiúnta.
  2. (/inter/ /linguae/)+istics: staidéar ar a dtarlaíonn idir teangacha.

Aidhm na hidirtheangeolaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá trí ghrúpa sainmhínithe ann. Dá réir, is ionann an idirtheangeolaíocht agus

  1. staidéar na dteangacha idirnáisiúnta cúnta (teangacha eitneacha ag obair mar lingua franca, nó teangacha pleanáilte, mar Esperanto, amháin).
  2. staidéar na cumarsáide teanga idirnáisiúnta, a coinníollacha agus a meáin.
  3. teangeolaíocht chodarsnachta, teangeolaíocht an ilteangachais.

Is sa Vicipéid in Esperanto atá an cur síos is cuimsithí ar an idirtheangeolaíocht le fáil.

Bibliography[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • M. Monnerot-Dumaine, Précis d'interlinguistique générale et spéciale, Paris, Maloine, 1960
  • (de) Detlev Blanke, Interlinguistische Beiträge. Zum Wesen und zur Funktion internationaler Plansprachen., Frankfurt, éditions Peter Lang, 2006
  • (de) Alicja Sakaguchi, Interlinguistik. Gegenstand, Ziele, Aufgaben, Methoden, Frankfurt, Peter Lang, 1998, 494 p.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Idirtheangeolaíocht, Lingvo.info