An Chúirt Achomhairc (Éire)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is cúirt in Éirinn í an Chúirt Achomhairc (Béarla: The Court of Appeal) atá suite idir dlínse na hArd-Chúirte agus na Cúirte Uachtaraí. Eascraíonn dlínse na Cúirte ó Airteagal 34.4. Nuair a bunaíodh í in 2014, tháinig sí i réimeas ar an dlínse achomhairc a bhí ag an Chúirt Uachtarach go dtí sin agus tháinig sí in ionad na Cúirte Achomhairc Choiriúil agus na Cúirte Achomhairc Armchúirte (faoi réir forála idirthréimhseacha). Ó bunaíodh an Chúirt Achomhairc, tá de rogha ag an Chúirt Uachtarach achomhairc chuig an chúirt sin a cheadú nó a dhiúltú.

Bunú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad an Ard-Chúirt agus an Chúirt Uachtarach an dá uaschúirt dá bhforáiltear faoin Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 agus faoi Bhunreacht na hÉireann (1937). Faoi na 1990í, bhí riaráiste mór d’achomhairc ón Ard-Chúirt a raibh dualgas ar an gCúirt Uachtarach iad a éisteacht. D’éist an Chúirt Uachtarach níos mó cásanna ná a cuntrapháirteanna i stáit eile ina bhfuil an gnáthchóras dlí i réim.[1] Mhol meitheal oibre a rinne a thuairisc in 2009 go mbunófar cúirt nua chun déileál leis an chuid is mó de na hachomhairc ó bhreithiúnais de chuid na hArd-Chúirte, ionas go ligfear don Chúirt Uachtarach a bheith teoranta do chásanna a bhfuil tábhacht bhunreachtúil ag baint leo amháin. Chun é sin a dhéanamh, bhí gá ann an Bunreacht a leasú chun an ceart ginearálta a bhí ann achomharc a thabhairt chun na Cúirte Uachtaraí a bhaint de, agus chun rogha a thabhairt don chúirt sin cinneadh a dhéanamh maidir leis na cásanna áirithe ar cheart dó éisteacht.[2]

Tugadh cead an Bunreacht a leasú de réir moltaí na tuairisce de 2009 i reifreann a ritheadh ar an 4 Deireadh Fómhair 2013. Tugadh éifeacht don bhforáil bhunreachtúil nua faoi reachtaíocht phríomha leis an Acht um an gCúirt Achomhairc, 2014.[3] Ansin, leasaíodh Rialacha na nUaschúirteanna agus sceideal táillí cúirte le hionstraim reachtúil.[4][5] Tháinig an Chúirt i ngníomh ar an 28 Deireadh Fómhair 2014.[6]

I mí Feabhra 2014, d’fhógair an rialtas go n-ainmneofar breitheamh a bhí ag fónamh san Ard-Chúirt ag an am, Seán Ó Riain mar an t-uachtarán ar an gcúirt nua. Ar an 29 Deireadh Fómhair 2014, d’ainmnigh an Rialtas Ó Riain agus ochtar gnáthbhreithiúna den Chúirt Achomhairc,[7] agus rinne Uachtarán na hÉireann iad go léir a cheapadh ar an lá céanna.[8] Ainmníodh an naoú gnáthbhreitheamh, John A. Edwards ar an 11 Samhain 2014,[9] agus ceapadh é ar an 4 Nollaig 2014.[10] Bhí naonúr de na ceapaithe ar an gCúirt nua ina mbreithiúna san Ard-Chúirt ag an am; fuair breitheamh amháin ardú céime go díreach ón gCúirt Chuarda.[11]

Cásanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 28 Deireadh Fómhair 2014, rinne an Chúirt Uachtarach 258 cásanna a aistriú go dtí an Chúirt Achomhairc.[12] I ndiaidh dó níos mó a aistriú, bhí timpeall 1,650 cás i gceist faoi dheireadh.[13]

Ar an 10 Márta 2015, sheas an Chúirt Achomhairc le rialú na hArd-Chúirte a chinn an chúirt sin i mBealtaine 2014 nár réitigh alt 2(2) den Acht um Mí-Úsáid Drugaí 1977 leis an mBunreacht, agus, dá bharr, sin nach raibh seasmhacht ag na hionstraim reacthúla a rinneadh iad de réir Alt 2(2) lena  ndearnadh druga dearthóra éagsúla a choiriúlú.[14] Cé go raibh de rogha ag an rialtas achomharc ar an gcinneadh sin a iarraidh ón gCúirt Uachtarach, bhí plean teagmhais beartaithe aige chun reachtaíocht éigeandála a reachtú i ndiaidh chinneadh na hArd-Chúirte, agus ritheadh Acht san Oireachtas faoi dhifear ar an 10 - 11 Márta 2015.[15] Tuairiscíodh sna meáin idirnáisiúnta ar an díchoiriúlú a ndearnadh ar MDMA agus ar an meitiolamfataimín ar feadh lá amháin.[16][17]

I Meán Fómhair 2016, dúradh in alt in The Irish Law Times, “the Court of Appeal never had a prayer of solving the problem that was put to the people in this referendum, which was solving the backlog” agus 1,814 cás ar feitheamh ag deireadh 2015 i gcomparáid le 2,001 ag tús na bliana sin.[18] Dúirt urlabhraí thar cionn na cúirte go mbeadh sí in ann cásanna a phróiseáil níos tapa nuair a “aimsíonn sí a slí di féin chun teacht isteach ar an obair.”[18] I nDeireadh Fómhair 2017, dúirt Uachtarán na cúirte go raibh sí “ag druidim le bheith ag an bpointe ag a mbeadh gach rud ag dul sa mhuileann uirthi” mar gheall ar an riaráiste cásanna, agus timpeall 600 cás curtha chuici sa bhliain i gcodarsnacht leis an 320 cás a éiríonn léi déileáil leo in aon bhliain amháin.[13] Thairg an Chúirt Uachtarach cuid de na 650 cás a bhí fós le héisteacht díobh siúd ar aistríodh iad in 2014.[13]

Ballraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá uachtarán, suas le naonúr gnáthbhreithiúna, agus beirt bhall ex officio sa Chúirt Achomhairc. Is iad an Príomh-Bhreitheamh (ceannaire na Cúirte Uachtaraí) agus Uachtarán na hArd-Chúirte an bheirt bhall ex officio.[19]  Is ball ex officio na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte é Uachtarán na Cúirte Achomhairc.

Breithiúna reatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • *** Seasann sé seo d'Uachtarán na Cúirte
Ainm[20] Dáta ceapacháin
Seán Ó Riain *** Deireadh Fómhair 2014
Michael Peart Deireadh Fómhair 2014
George Birmingham Deireadh Fómhair 2014
Mary Irvine Deireadh Fómhair 2014
Gerard Hogan Deireadh Fómhair 2014
Alan Mahon Deireadh Fómhair 2014
John A. Edwards Nollaig 2014
John Hedigan Meán Fómhair 2016
Máire Whelan Meitheamh 2017
Paul Gilligan Eanáir 2018

Baill ex officio[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ainm Dáta Ceapacháin Oifig
Frank Clarke Iúil 2017 Príomh-Bhreitheamh ar Éirinn
Peter Kelly Nollaig 2015 Uachtarán na hArd-Chúirte

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "The Road to a Court of Appeal—Part I: History and Constitutional Amendment". Irish Law Times. “This was out-of-kilter with other jurisdictions of a similar nature in the United Kingdom, Canada, New Zealand and Australia.”
  2. Working Group on a Court of Appeal (May 2009). "Citation is missing a title. Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}" (PDF) Prn. A8/0153. Dublin: Stationery Office. 
  3. "An tAcht um an Chúirt Achomhairc". Leabhar Reachtanna na hÉireann. 20 Iúil 2014. Léadh é ar an 24 Márta 2015.
  4. "I.R. Uimh. 485/2014 - Rialacha na hUaschúirteanna (An tAcht um an Ch'uirt Achomhairc 2014) 2014." Irish Statute Book. Fuarthas ar an 24 Márta 2015.
  5. "I.R. Uimh. 492/2014 - Ordú (Táillí) na Cúirte Uachtaraí, na Cúirte Achomhairc agus na hArd-Chúirte 2014." Leabhar Reachtanna na hÉireann. Fuarthas ar an 24 Márta 2015.
  6. "Court of Appeal Act 2014 (Establishment Day) Order 2014". Irish Statute Book. Office of the Attorney General. 21 October 2014.
  7. "Appointments to the Court of Appeal". MerrionStreet.ie. 29 October 2014.
  8. "President appoints Appeal Court Judges". Áras an Uachtaráin. 28 October 2014. Archived from the original on 29 October 2014.
  9. "Appointment to the Court of Appeal". MerrionStreet.ie. 11 November 2014.
  10. "President appoints Mr Justice John Edwards as Appeal Court Judge". Áras an Uachtaráin. 2 December 2014.
  11. "Appointments to the Court of Appeal". MerrionStreet.ie. 29 Deireadh Fómhair 2014.
  12. "258 cases transferred to new Court of Appeal". RTÉ News.
  13. 13.0 13.1 13.2 "Court of Appeal President warns court close to being overwhelmed". RTÉ.ie.
  14. "Bederev -v- Ireland & ors". Judgments. Courts Service of Ireland. [2015] IECA 38. Fuarthas ar an 24 Márta 2015.
  15. "Misuse of Drugs (Amendment) Bill 2015 (Number 21 of 2015)". Bills. Oireachtas. Fuarthas 24 Márta 2015.
  16. "Irish Es are smiling – ecstasy and other drugs temporarily legal in Ireland". The Guardian.
  17. "Give Me a Crash Course In . . . the temporary legalisation of ecstasy". The Irish Times. “Media outlets all over the world picked up on the unusual development.”
  18. 18.0 18.1 "Court of Appeal backlog 'could take over a decade to clear'". The Irish Times.
  19. "Court of Appeal Act 2014, s.6". Leabhar Reachtanna na hÉireann. 20 Iúíl 2014. Fuarthas 16 Eanáir 2016.
  20. "The judges". An tSeirbhís Chúirteanna (Éire). 21 Iúil 2017.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leabhar Reachtanna na hÉireann
An tSeirbhís Chúirteanna
British and Irish Legal Information Institute (BAILII)