An Bóthar chun an tSeirfeachais
| (en) The Road to Serfdom | |
|---|---|
| Cineál | saothar liteartha |
| Cárta innéacs | |
| Údar | Friedrich Hayek |
| Teanga | Béarla |
| Foilseachán | an Ríocht Aontaithe, 1944 |
| Foilsitheoir | Routledge |
| Tréith | |
| Príomhábhar | polaitíocht, polasaí eacnamaíochta, ollsmachtachas agus an sóisialachas |
| Seánra | neamhfhicsean |
| Eile | |
| Uimhir OCLC | 247859798 |
Leabhar scríofa idir 1940-1943 ag an eacnamaí agus fealsamh Friedrich von Hayek (1899-1992) is ea An Bóthar chun an tSeirfeachais (Gearmáinis: Der Weg zur Knechtschaft, Béarla: The Road to Serfdom). Sa leabhar seo tugann an t-údar "rabhadh ar bhaol na tíorántachta mar thoradh dosheachanta ar rialú rialtais ar chinnteoireacht eacnamaíochta, trí phleanáil lárnach, agus ina maíonn sé "go mbeidh de thoradh dosheachanta ar thréigean an t-indibhidiúlachais agus an liobrálachais clasaiceach ná caillteanas na saoirse, cruthú sochaí leatromach, tíorántacht an dheachtóra agus seirfeachas an duine aonair." Go suntasach, thug Hayek dúshlán don tuairim ghinearálta a bhí i measc lucht acadúil na Breataine, gur frithfhreagairt chaipitlíoch in aghaidh tsóisialachais é an faisisteachas, seachas, mar a d'áitigh sé, go raibh fréamhacha coitianta sa phleanáil eacnamaíoch lárnach agus cumhacht an stáit ar an duine aonair, san fhaisisteachas agus san sóisialachas araon