An Aivéistis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Aivéistis
Cineálteanga mharbh, teanga anallód agus teanga
Úsáid
Cainteoirí dúchais0
Dúchasach doGreater Khorasan (en) Aistrigh, Arachosia (en) Aistrigh, Sogdia (en) Aistrigh, Khwarezm (en) Aistrigh agus Ariana (en) Aistrigh
Stáitan Iaráin
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Ind-Iaránacha
teangacha Iaránacha
Eastern Iranian (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtascript Aivéisteach agus Gujarati (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1ae
ISO 639-2ave
ISO 639-3ave
Glottologaves1237
Ethnologueave
IETFae

Seanteanga Oir-Iaránach is ea an Aivéistis a bhí á scríobh san Iaráin ocht gcéad bliain roimh bhreith Chríost. Is í an Aivéistis teanga an leabhair Aivéasta, arb é scrioptúr naofa an tSóróstarachais é. Is iad na Gataí an chuid is sine den Aivéasta, agus iad scríofa i dteanga ar a dtugtar Sean-Aivéistis. Creidtear gurb é Sorastar, bunaitheoir an reiligiúin, féin a chum na Gataí, agus tá an teanga iontu chomh seanársa go bhfuil sí níos cosúla leis an tSanscrait ná leis na teangacha Iaránacha eile. Tá an chuid eile den Aivéasta cumtha i leagan níos deireanaí den teanga chéanna, ar a dtugtar Aivéistis Óg. Is dócha go bhfuil an Aivéistis Óg an-chóngarach don chineál teanga a labhraítí in Oirthear na hIaráine faoin am ar cumadh an leabhar féin. Níos deireanaí fós, bhítí ag cumadh téacsaí i leagan truaillithe den Aivéistis Óg nach raibh á labhairt go nádúrtha ag aon duine a thuilleadh. Is gnách "Aivéistis Óg Shaorga" a thabhairt ar an gcineál seo Aivéistise. Ba í teanga liotúirgeach na sagart Sorastrach í.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]