Amir Pnueli
Cuma
Ba ríomheolaí Iosraelach é Amir Pnueli (Eabhrais:אמיר פנואלי:; Aibreán, 1941 – 2 Samhain, 2009) agus fuair sé Gradam Turing sa bhliain 1996.
Beathaisnéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Pnueli i Nahalal, i Mandáid na Breataine don Phalaistín ( in Iosrael anois ) agus bhain sé céim Bhaitsiléara amach sa mhatamaitic ón Technion i Haifa, agus Ph.D. sa mhatamaitic fheidhmeach ón Institiúid Eolaíochta Weizmann (1967). [1] Bhí a thráchtas ar an ábhar "Calculation of Tides in the Ocean". D’aistrigh sé go dtí an ríomheolaíocht le linn tréimhse ina chomhalta iardhochtúireachta in Ollscoil Stanford. Dhírigh a chuid saothar san eolaíocht ríomhaireachta ar loighic ama agus seiceáil múnla, go háirithe maidir le hairíonna cothroime na gcóras comhthráthach.
TGirtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Amir Pnueli”. The Mathematics Genealogy Project. Dáta rochtana: 19 September 2022.