Alga
Is plandaí simplí fótaisintéiseacha iad na halgaí (uatha alga), cuid díobh aoncheallach agus cinn eile ilcheallach. Is plandaí uisce iad a bhformhór agus glaoitear feamainn ar na cinn is mó agus is coimpléascaí. Síneann na foirmeacha algaí ó phlanctón simplí plandúil aoncheallach go dtí feamainn thromábhal anfhada.[2]
Tréithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Grúpa plandaí bunúsacha uisciúla iad na halga, le clóraifill mar phríomhlí fhótaisintéiseach. Níl an cholainn, a dtugtar an tallas uirthi, eagraithe ina fhréamh, ina ghas ná ina dhuilleog. Níl aon chóras soithíoch ann. Níl na horgáin atáirgthe timpeallaithe ag ciseal de chealla steiriúla.
Meastar na halgae i measc 'na bplandaí' mar gheall ar a gcumas fótaisintéiseach, agus 'simplí', toisc nach bhfuil orgáin leithleacha na bplandaí uaisle acu (mar shampla duilleoga, fréamhacha nó fíocháin soithíocha).[2]
Aicmiú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is féidir iad a idirdhealú ó protozoa, mar nach bhfuil an cumas fótaisintéiseach ag na protozoa.
Tá go leor díobh photoautotrophic, cé go mbíonn grúpaí acu mixotrophic, ag fáil fuinnimh ní amháin ó a gcumas fótaisintéiseach, ach freisin ó iontógáil nó comhshamhlú carbóin orgánaigh trí osmotrophy, myzotrophy, nó phagotrophy.
Grúpa ilchineálach mór plandaí, cosúil le halgaí agus foirmeacha ó chealla aonaracha go dtí coirp mhóra idirdhealaithe. Tagann an dath scothdhearg ón meascán de líocha fótaisintéiseacha, clóraifill a, ficibileaphróitéiní is cairitéineóidigh taobh istigh de na cealla. Tarlaíonn atáirgeadh trí chruthú orgáin ar leith atá gabhálach ar an ngaiméit fhireann taobh istigh den ubh.
Grúpa mór ilghnéitheach plandaí atá cosúil le halgaí agus na líocha fótaisintéiseacha clóraifill a is clóraifill b, a thugann a ndath glas dóibh. De réir cineáil, déanann siad bia a stóráil mar stáirse i gclóraplaist. Faightear in uisce úr iad, den chuid is mó. Bíonn staideanna inghluaiste (zóspóir) ag cuid mhaith díobh, agus snámhann siad le cabhair lascnaidí.
Alga leis na líocha fótaisintéiseacha clóraifill a is clóraifill c, agus caraitéanóidigh éagsúla a dhéanann na clóraplaist buíghlas. Ina gcealla aonaracha agus ina ribí. Tálann sé spóir inghluaiste le lascnaid ghruagach chun tosaigh is lascnaid mhaol ar chúl.
Grúpa mórfheamainní muirí, den chuid is mó, le líocha fótaisintéiseacha sainiúla, clóraifill a, clóraifill c, béite-charaitéin is fúcaxaintin. An t-atáirgeadh gnéasach le speirm le dhá lascnaid tiomána, de ghnáth. Níos mó ná 1,500 speiceas ar eolas. Ón gcrios idirthaoideach is an crios fo-chladach, den chuid is mó. Foirmeacha colainne ó fhiliméadchruthach go lannchruthach.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Bá Thrá Lí/Tralee Bay" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2024-07-04.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim.