Alfred Cort Haddon
(1925) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 24 Bealtaine 1855 Londain, England |
Bás | 20 Aibreán 1940 84 bliana d'aois Cambridge, England |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Chríost, Cambridge Coláiste an Rí, Londain |
Céim acadúil | Baitsiléir Ealaíon Máistreacht sna hEalaíona |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Zürich |
Gairm | bitheolaí, múinteoir ollscoile, míoleolaí, antraipeolaí, eitneolaí |
Fostóir | Ollscoil Cambridge, léachtóir (1909–1926) Ollscoil Cambridge, léachtóir (1900–1909) Coláiste Ríoga Eolaíocht Éireann, múinteoir ollscoile (1880–1901) Ollscoil Cambridge, múinteoir ollscoile (1879–1880) |
Ball de | |
Faoi thionchar | |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Lua an údair (zó-eolaíocht) | Haddon |
Teaghlach | |
Páiste | Kathleen Haddon |
Máthair | Caroline Hadley (en) |
Gradam a fuarthas |
Antraipeolaí agus eitneolaí a rugadh i gCambridge, Shasana ab ea Alfred Cort Haddon, Sc.D., FRS,[1] FRGS FRAI (24 Bealtaine 1855 – 20 Aibreán 1940, Cambridge). Bitheolaí ar dtús, bhain sé a chuid oibre allamuigh is suntasaí amach, le WHR Rivers, CG Seligman agus Sidney Ray ar Oileáin Chaolas Thorres. D'fhill sé ar Choláiste Chríost, Cambridge, áit a raibh sé ina fhochéimí, agus bhunaigh sé i ndáiríre Scoil na hAntraipeolaíochta. Bhí tionchar mór ag Haddon ar obair an eitneolaí Mheiriceánaigh Caroline Furness Jayne.[2]
Sa bhliain 2011, cuireadh The Recordings of the Cambridge Anthropological Expedition to Torres Straits 1898 le Haddon le clár 'Sounds of Australia' i gcartlann an National Film and Sound Archive. [3] Tá na buntaifeadtaí lonnaithe i Leabharlann na Breataine [4] agus tá go leor acu curtha ar fáil ar líne.[5]
Luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Alfred Cort Haddon ar 24 Bealtaine 1855, in aice le Londain, an mac ba shine ag John Haddon, ceann gnólacht cló-bhunaitheoirí agus clódóirí. D’fhreastail sé ar léachtaí ag King’s College London agus mhúin sé zó-eolaíocht agus geolaíocht i scoil chailíní i nDover, sula ndeachaigh sé isteach i gColáiste Chríost, Cambridge sa bhliain 1875.
Ag Cambridge rinne sé staidéar ar an zó-eolaíocht agus d'éirí sé cairdiúil le John Holland Rose (Ollamh Harmsworth le Stair an Chabhlaigh ina dhiaidh sin), ar phós sé a dheirfiúr in 1881. Go gairid i ndiaidh dó a chéim Mháistreachta sna hEalaíona a bhaint amach, ceapadh é ina Thaispeántóir sa Zó-eolaíocht ag Cambridge in 1879. Ar feadh tamaill rinne sé staidéar ar bhitheolaíocht mhara i Napoli.[6]
Gairmréim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Baile Átha Cliath
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1880, ceapadh é ina Ollamh le Zó-eolaíocht i gColáiste na hEolaíochta i mBaile Átha Cliath. Le linn dó a bheith ann bhunaigh sé Cumann Allamuigh Nádúraithe Bhaile Átha Cliath an (Béarla: Dublin Naturalists' Field Club) in 1885. Ba iad na chéad fhoilseacháin a bhí aige ná Introduction to the Study of Embryology in 1887, agus páipéir éagsúla ar bhitheolaíocht na mara, agus dá bharr sin chuaigh sé ar thuras go dtí Oileáin Chaolas Thorres chun staidéar a dhéanamh ar sceireacha coiréil agus ar zó-eolaíocht na mara, agus le linn dó a bheith ag gabháil dó mealladh é chuig an antraipeolaíocht den chéad uair riamh.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Fleure (1941). "Alfred Cort Haddon. 1855–1940". Obituary Notices of Fellows of the Royal Society 3 (9): 448–65. doi: .
- ↑ Jayne (1906). "String figures: a study of cat's-cradle in many lands". New York: C. Scribner's Sons.
- ↑ National Film and Sound Archive: The Recordings of the Cambridge Anthropological Expedition to Torres Straits on the Sounds of Australia registry, nfsa.gov.au; accessed 20 December 2017.
- ↑ “World and traditional music: wax cylinder collections”. bl.uk. Dáta rochtana: 20 December 2017.
- ↑ “Ethnographic wax cylinders”. bl.uk. Dáta rochtana: 20 December 2017.
- ↑ "Dr A.C. Haddon – Anthropologist and Ethnologist (transcription)". The Times (22 April 1940). Dáta rochtana: 20 November 2008.