Alexander Mitchell
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 13 Aibreán 1780 Baile Átha Cliath |
Bás | 25 Meitheamh 1868 88 bliana d'aois Béal Feirste, Northern Ireland |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Acadamh Ríoga Bhéal Feirste |
Gníomhaíocht | |
Gairm | innealtóir |
Innealtóir, ceapadóir is tionsclóir a rugadh i mBaile Átha Cliath ab ea Alexander Mitchell (1780-1868).
Agus é óg, bhog an chlann go Béal Feirste. Bhí luí aige le matamaitic, ach chaill sé radharc na súl roimh 16 bliana d'aois.
Bhunaigh Mitchell monarcha brící agus rinne go maith thar 30 bliain.
Sna 1830idí fuair Mitchell paitinn ar scriú píle is feiste loinge, modh simplí le tithe solais a thógáil, rabhcháin a chur suas agus longa a fheistiú in uisce domhain, ar oitreacha láibe is gaineamh reatha. Baineadh úsáid as a chóras den chéad uair i 1838 i dtógáil theach solais Maplin Sands ag béal na Tamaise, agus ina dhiaidh sin i bhFleetwood, ar Loch Bhéal Feirste, Baile na Cúirte, Dún Dealgan, Cóbh agus ar fud impireacht na Breataine.
Sa bhliain 1847 cheap Mitchell saghas nua loinge le lián bíse a bhí in ann luasanna níos airde is ídiú níos lú guail a bhaint amach.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Alexander Mitchell". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 463.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |