Ba rí ar ríocht sean-Ghréigeachna Macadóine é Alastar III na Macadóine (Sean-Ghréigis: Ἀλέξανδρος Γʹ ὁ Μακεδών, Aléxandros III ho Makedȏn; 20/21 Iúil 356 RC – 10/11 Meitheamh 323 RCh.), ar a dtugtar freisin Alastar Mór (Sean-Ghréigis: Ἀλέξανδρος ὁ Μέγας, Aléxandros ho Mégas). Ba mhac le Pilib II agus comharba air é. Tháinig sé i gcoróin nuair a bhí sé 20 bliain d'aois, sa bhliain 336 RCh., agus bhí sé i mbun feachtas míleata ar fud Iarthair na hÁise agus na hÉigipte ar feadh an chuid is mó dá réimis.
Tar éis dó an choróin a bhaint amach, thosaigh sé feachtas in aghaidh na bPeirseach sa bhliain 334 RCh., a mhair aon bhliain déag. Bhunaigh sé an Domhan Heilléanaíoch, an tréimhse inar leath cultúr agus tionchar na nGréagach ar fud an domhain chlasaicigh. Ceann de na h-impireachtaí ba mhó a bhí ann riamh, ab ea impireacht Alastair. Ghabh Alastar smacht ar an Éigipt, chloígh sé na Peirsigh i gcath Gaugamela, agus bhain sé coróin na Peirse amach. Lean sé ar aghaidh go dtí an India. Fuair sé bás agus é ina fhear óg sa bhliain 323 RCh.[1]
Is síol faoi dhuine Gréagach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Is síol faoin Éigipt é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.