Alan White

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAlan White
Beathaisnéis
Breith(en) Alan Victor White
26 Bealtaine 1972
51 bliana d'aois
Lewisham, England Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmceoltóir, drumadóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1987 –
Ball de
Oasis (1995–2004)
Starclub (en) Aistrigh (1991–1994) Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraBreat-pop
TeangachaBéarla
UirlisFoireann drumaí

IMDB: nm0924433 Musicbrainz: 03ee5b9c-6a28-4266-a773-83d6997ef4c4 Songkick: 381232 Discogs: 387278 Allmusic: mn0001757908 Cuir in eagar ar Wikidata

Is drumadóir rac-cheoil Sasanach é Alan Victor “Whitey” White (rugadh 26 Bealtaine 1972, Lewisham, Londain, Sasana) a bhfuil aithne air mar dhrumadóir an bhanna Shasanaigh Oasis ó 1995 go 2004. Roimh Oasis, bhí sé ina dhrumadóir do Starclub ó 1991 go 1994. Sheinn sé ar cheithre albam stiúideo de chuid Oasis, ar amhrán amháin ar Don't Believe The Truth, ar dhá albam díolama, agus albam beo amháin le linn a thréimhse sa mbanna. Thosaigh sé leis an mbanna i mí Aibreáin 1995 tar éis gur tugadh bata is bóthar don chéad drumadóir, Tony McCarroll. Mhol cara de chuid Noel Gallagher, Paul Weller, White do Gallagher. Sheinn deartháir Alan, Steve, na drumaí do Weller le tamall fada. D’fhág White Oasis go luath in 2004 agus tháinig Zak Starkey, drumadóir The Who ag an am, agus mac le Ringo Starr, drumadóir The Beatles, isteach sa mbanna ina áit.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]