Ainmneacha Gaelacha



Tá ainmneacha foirmeálta Gaelacha déanta as túsainm agus sloinne, cosúil leis an gcóras atá ann sa Bhéarla agus i go leor teangacha eile sa Domhan Thiar. Den chuid is mó, tagann na sloinnte Gaelacha as an seanchóras a bhí ann fadó nuair a léirítí cé leis an mac nó an iníon trí ainm an athar nó an tseanathar a úsáid, rud nach ndéantar ar an mbealach céanna sa lá atá inniu ann. Athraíonn an chuid is mó de shloinnte ag brath ar ghnéas an duine atá i gceist, agus i gcás mná atá pósta, más mian léi sloinne a fir chéile a ghlacadh.
Tá traidisiún eile sna Gaeltachtaí le haghaidh daoine a ainmniú, ar bhealach níos neamhfhoirmeálta: ainm, agus ainm an athar agus an athar mhóir sa tuiseal ginideach ina dhiaidh sin. Ag amanna, déantar an rud céanna le ainmneacha na máithreacha is na máithreacha móra, nó le meascán eicínt eile de thuismitheoirí agus seantuismitheoirí, m.sh. Jimín Mháire Thaidhg.
Sloinnte Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bíonn Ó/Ua agus Mac i gceist le tromlach mór de shloinnte na Gaeilge in Éirinn. Mac is minice sa Ghàidhlig (Gaeilge na hAlban) agus is annamh a bhíonn Ó/Ua in úsáid inti. Deirtear go bhfuil míniú stairiúil air seo agus pléifear an méid sin lá éigin eile.[2]
De ghnáth chan úsáidtear ach ceann amháin – is é sin Ó/Ua nó Mac le sloinne ach tá cuid mhaith sloinnte a mbíonn an dá cheann in úsáid leo agus is é an rud is suimiúla faoi sin an dáileadh a bhíonn ar na húsáidí céanna sna canúintí éagsúla. Agus ar ámharaí an tsaoil, tugadh na hathruithe seo lom díreach isteach i mBéarla na hÉireann nuair a tharla an t-athrú teanga sa tír seo ó Ghaeilge go Béarla. Fágann sin fianaise láidir againn go dtí an lá inniu ann ar an dáileadh a bhí tráth ar Ó/Ua agus Mac i sloinnte na hÉireann.[2]
Seo eiseamláirí den éagsúlacht úsáide atá ansin amuigh gan ach fíorbheagán acu a lua - beagnach i ngan fhios don tsaol Fodlach.
Ó hAodha/Mac Aodha, Ó Fearraigh/Mac Fhearraigh, Ó Floinn/Mac Fhloinn, Ó Luain/Mac An Luain, Ó Loingsigh/Mac Loingsigh, Ó Flatharta(igh)/Mac Fhlatharta(igh), Ó Dónaill/Mac Dónaill agus Ó hÍomhair/Mac Íomhair.[2]
An chéad rud a thig a rá faoi na sloinnte a bhfuil guta ina dtús gur minic a dhéantar ‘G’ den ‘C’ sa chaint agus ar ndóigh is minic seo le fáil i mBéarla na hÉireann - mar shampla - Mac Aodha >> Mag Aodha, Mac Íomhair>> Mag Íomhair. Tabhair faoi deara McGee/Magee agus McKeever/McGeever an Bhéarla. Tá cuma air gur coitianta an t-athrú seo ó ‘c’ go ‘g’ sa leath thuaidh den tír cé gur dócha go bhfuil an t-athrú in áiteanna sa leath ó dheas den tír anois. Chomh maith leis sin cuirtear an riail chéanna i bhfeidhm ar shloinnte a thosaíonn le ‘F’ nó’Fl/Fr’ mar atá in Mac Fhloinn >> Mag Fhloinn, Mac Fhionnaile >> Mag Fhionnaile – McGlynn agus McGinley an Bhéarla.
Samplaí eile den athrú seo ó ‘c’ go ‘g’ iad seo a leanas – Mac Loingsigh>>Mag Fhloingsigh – McGlinchy an Bhéarla; Mac Lochlainn>>Mag Lochlainn – McLoughlin agus Mac Rabhartaigh>>Mag Robhartaigh – McGroarty an Bhéarla. Is minic trí leagan de shloinne(adh) le fáil sa Bhéarla mar atá – O’Flynn, McFlynn agus McGlynn.
Is sampla maith é an sloinne Mac Aodha/Mac Aoidh agus a gcomhionann i mBéarla den éagsúlacht a lean an t-athrú teanga sa tír seo. Tá na leaganacha Béarla seo a leanas againn inniu agus is ceist dúinn féin míniú a thabhairt ar na cúiseanna go dtáinig siad chun cinn: McGee, Magee, McHugh, Hughes, McKay, Mackey, Mackee, (O)Hea and Hayes agus seans go bhfuil tuilleadh ann i Meiriceá Thuaidh, i gCeanada agus san Astráil agus i dtír ar bith eile inar lonnaigh na Gaeil.[2]
Tá cuma ar an scéal gur le Cúige Uladh agus le tuaisceart na tíre i gcoitinne a bhaineann McHugh agus Hughes. Iarracht atá sa litriú Hugh ar an ainm Gaeilge a scríobh i mBéarla – i nGaeilge an tuaiscirt is fuaim cosúil le ‘ú’ a bhíonn leis. Tuairiscítear gur i dtuaisceart Laighean nó deisceart Uladh a cumadh an litriú sin dó thart ar dheireadh an 17ú céad. Is fuaim ‘é’ a bhíonn acu sa deisceart agus is sampla maith de sin an litriú Hayes. Is ‘í’ a bhí i lár tíre agus i gConnacht. Samplaí de sin Magee, Mackee. Is iarracht é an litriú Hughes agus Keyes cuma an Bhéarla a chur ar na sloinnte.[2]
Sloinnte agus Réimíreanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Go hiondúil, glacann sloinne fir an fhoirm Ó (Ua) nó Mac, leis an leagan tuiseal ginideach in a dhiaidh (mar shampla Mac le Dónal; Mac Dónaill). Tá an sloinne céanna roinnte idir an athair agus an mhac. Ach le haghaidh mná, athraíonn sé sin go dtí Ní (Iníon Uí) nó Nic (Iníon Mhic). Is é Uí an tuiseal ginideach ar Ó (Ua).

Aicmiú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Liostaigh an tAthair Pádraig de Bhulbh[1] ceithre shaghas déag nó sé shaghas déag de shloinnte atá le fáil sa nGaeilge. Seo iad :
I. Sloinnte dar tús Ó/Ua (ar brí leis 'garmhac'; ginideach agus foirm mhná pósta: Uí; foirm mhná neamhphósta: Ní), le túsainm Gaeilge sinsir. Is é seo an saghas is sine agus is líonmhaire. M.sh. Ó Briain, Ó Néill.
II. Sloinnte dar tús Ó/Ua (foirmeacha eile: féach thuas), le hainm nach túsainm traidisiúnta Gaeilge é ach ar ainm Lochlannaigh nó cur síos ar Lochlannach é de ghnáth. M.sh. Ó Bruadair, Ó Dubhghaill.
III. Sloinnte dar tús Ó/Ua (foirmeacha eile: féach thuas), le focal a dhéanas cur síos ar an sinsear ach nach é a ainm é. M.sh. Ó Gabhann, Ó hÍceadha.
IV. Sloinnte dar tús Mac nó Mag (ginideach agus foirm mhná pósta: Mhac; foirm mhná neamhphósta: Nic (ó 'iníon mhic'), le hainm traidisiúnta Gaeilge. M.sh. Mac Aodhagáin, Mac Cárthaigh.
V. Sloinnte dar tús Mac nó Mag (foirmeacha eile: féach thuas), le hainm eachtrannach ar ainm Lochlannaigh nó Normannaigh é de ghnáth. M.sh. Mac Íomhair, Mac Fheorais.
VI. Sloinnte dar tús 'a' (ón mBreatnais ab/ap, 'mac'). M.sh. a Paol, a Prís.
VII. Sloinnte dar tús Mac nó Mag (foirmeacha eile: féach thuas) le focal a dhéanas cur síos ar an sinsear ach nach é a ainm é. M.sh. Mac an tSaoir, Mac an Ridire.
VIII. Sloinnte Normannacha a úsáideas ainm an tsinsir gan réamh-mhír ná foirceann ar bith. M.sh. Ruiséal, Bairéad.
IX. Sloinnte ar aidiachtaí iad. M.sh. Bán, Beag.
X. Sloinnte dar críoch -ach, a léiríos áit dhúchais, athair altramais, srl. Faigheann siad séimhiú más bean atá i gceist. M.sh. Breathnach, Caomhánach.
XI. Sloinnte gallda de bhunús áitiúil. M.sh. de Búrca, Céitinn.
XII. Sloinnte gallda a dhéanas cur síos ar an sinsear. M.sh. de Faoit, Aingléis.
XIII. An ginideach d'áit chónaithe an tsinsir, nó de thréithe a bhí aige. M.sh. an Mhachaire, na Bríde.
XIV-XVI. Bealaigh eile le cuid de na sloinnte thuas a rá, m.sh. in ionad "de Búrca", faightear "Búrcach", "an Búrcach", agus "Mac an Bhúrcaigh" faoi seach.

Túsainmneacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá seantraidisiún ag muintir na hÉireann, nuair atá siad ag tabhairt ainmneacha dá bpáistí:
- ainmnítear an chéad mhac i ndiaidh athar an athar agus an dara mac i ndiaidh athar na máthar, an tríú mac i ndiaidh an athar.
- ainmnítear an chéad iníon i ndiaidh máthar na máthar, an dara iníon i ndiaidh máthar an athar agus an tríú iníon i ndiaidh na máthar.
- ainmnítear aon ceann i ndiaidh sé sin mar atá de dhíth ar na tuismitheoirí.
Go hiondúil, má tá an t-ainm céanna ag an athair agus ag an mhac, tugtar Mór ar an athair agus Óg ar a mhac. Baintear úsáid as aidiachtaí (go hiondúil ag baint le dath fholt) in áiteanna ina bhfuil go leor leor daoine leis an sloinne céanna acu, cuir i gcás an chlann chlúiteach 'Ua Conchubhair Donn' i gContae Ros Comáin.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 Patrick Woulfe (1906). "Irish Names and Surnames".
- 1 2 3 4 5 Dónall P. Ó Baoill. "Scéalta ár n-ainmneacha agus sloinnte" (ga-IE). The Irish Times. Dáta rochtana: 2025-11-18.