Jump to content

Ainglice

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoAinglice
Angelica Cuir in eagar ar Wikidata

gallfheabhrán Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
RíochtPlantae
OrdApiales
FineApiaceae
GéineasAngelica Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Luibh théagartha a fhásann níos airde ná 2 m, dúchasach do thuaisceart is oirthear na hEorpa agus lár na hÁise. An gas cuasach, na duilleoga roinnte i nduilleoigíní ubhchruthacha suas le 15 cm ar fhad ar ghais le bunanna borrtha, na bláthanna beag scothghlas/bán, bailithe le chéile in umbail mhóra chruinne. Úsáidtear na bláthghais chriostalaithe mar bhlaistiú. Faightear ola chumhra ó na fréamhacha a úsáidtear i gcumhráin agus licéir luibhe cosúil le Chartreuse.[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ainglice". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 24.