Aimoin de Fleury

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAimoin de Fleury
Beathaisnéis
Breith960í
Villefranche-de-Lonchat Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1010í
40/59 bliana d'aois
Mainistir Fleury Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Gníomhaíocht
Réimse oibreStaireolaíocht, filíocht agus diagacht
Gairmmanach, croiniceoir, file, staraí, scríbhneoir, diagaire Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinn de chuidAbbon de Fleury
TeangachaLaidin na meánaoise, Sean-Fhraincis, an Laidin agus an Fhraincis
Ord crábhaidhBeinidictigh

Manach agus croiniceoir Francach ab ea Aimoin de Fleury (Laidin: Aimoinus (Annonius; Aemonius) Floriacensis; c. 960 – c. 1010). Rugadh i Villefranche-de-Longchat in iardheisceart na Fraince é thart ar 960. Go luath ina shaol, chuaigh sé isteach i mainistir Fleury, áit ar chaith sé an chuid ba mhó dá shaol mar mhanach. Idir c. 980 agus 985 scríobh Aimoin faoi San Beinidict i Mainistir Fleury-sur-Loire.[1] Is é Historia Francorum, nó Libri V. de Gestis Francorum, a phríomhshaothar, leabhar a phléann le stair na bhFranc ó thosach aimsire go 653, agus ar lean scríbhneoirí eile ag obair air go dtí lár an dara haois déag. Bhí an leabhar go mór san fhaisean le linn na Meánaoiseanna, ach ní chuirtear mórán muiníne ann mar fhoinse staire sa lá atá inniu ann. Chuir G. Waitz in eagar é agus foilsíodh é in Monumenta Germaniae Historica: Scriptores, Band xxvi (Hanover agus Beirlín, 1826–1892).

Sa bhliain 1004, scríobh sé Vita Abbonis, abbatis Floriacensis, an leabhar deireanach i sraith beathaisnéisí ar abaí Fleury. Seachas beatha Abbo, tá siad go léir caillte anois. D'fhoilsigh J. Mabillon beatha Abbo in Acta sanctorum ordinis sancti Benedicti (Páras, 1668–1701).

An tríú saothar a chuir Aimoin i gcrích ná leabhair ii agus iii den Miracula sancti Benedicti. Scríobh manach eile de chuid Fleury, fear darbh ainm Adrevald (c. 818 – 878), an chéad leabhar. Tá an saothar seo ar fáil san Acta sanctorum freisin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]