Aigéad úrach
Cuma
Substaint cheimiceach | aicme eintiteas ceimiceach |
---|---|
Mais mhóilíneach | 168.028 Da |
Tacsón ina n-aimsítear é | |
Ról | frithocsaídeoir agus príomh-mheitibilít |
Struchtúr ceimiceach | |
Foirmle cheimiceach | C₅H₄N₄O₃ |
SMILES canónta | |
InChI | Model 3D |
Airí | |
Dlús | 1.89 g/cm³ |
Is é rud is aigéad úrach an ná aigéad orgánach lag bán criostalta, gan bholadh gan bhlas, leis an fhoirmle cheimiceach C5H4N4O3. Díorthaítear ó phúirín é.
Cruthaítear é trí mheitibileacht na bpróitéiní i ndaonnaí agus cuid mhaith veirteabrach eile. Bíonn oiread an-bheag de sa bhfuil is an fual daonna. Cosúil le húiré, úsáideann ainmhithe é chun nítrigin a eisfhearadh. Is cúis gúta is scoilteacha é fosú criostal den aigéad seo is dá shalainn in ailt is fíocháin eile.
Faightear i bhfoirm íon é ó lobhadh guanó.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Aigéad úrach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 17.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |