Jump to content

Anbhás Laoghaire Buadhaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Aided Loegairi Buadaig)
Bosca Sonraí DoiciméadAnbhás Laoghaire Buadhaigh
Cineálanbhás Cuir in eagar ar Wikidata

Sa Rúraíocht i Miotaseolaíocht na nGael, scéal greanntraigéideach is ea Anbhás Laoghaire Buadhaigh (Sean-Ghaeilge Aided Lóegairi Búadaig).[1] Caomhnaítear é i lámhscríbhinn amháin den 16ú haois.

Rinne an file Aed mac Ainninne adhaltranas le Mugain, bean chéile an rí, Conchúr mac Neasa, agus dá bharr daoradh é chun báis. Ceapadh go mbáfaí i loch é, ach ar dtús d'éirigh leis de dhraíocht iad a thriomú amach. Níor éirigh ámh ag an loch dheireanach i Latharna, Contae Aontroma, ós comhair theach Laoghaire Buaigh, gaiscíoch na nUladh. Ní ligfeadh Laoghaire choíche go gcuireadh bard chun báis in aice leis a thighse. Lena chlaíomh ina láimh aige, bhris sé a dhoras amach chun an beart a chosc. Ach bhuail a cheann chomh dona sin ar an bhfardoras gur éag sé dá ghonta, ball beag ina dhiaidh. In ainneoin a ghonta, mharaigh Laoghaire tríocha gaiscíoch an rí, agus sa ruaille buaille go léir, d'éirigh le hAodh éalú.

Lámhscríbhinní

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl ach aon lámhscríbhinn amháin atá ar mharthain ina chaomhnaítear an scéal:[2][3]

  • National Library of Scotland, Adv. MS. 72.1.40 (Gaelic XL)

Eagrán agus aistriúcháin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seo a leanas eagrán agus aistriúchán Béarla, agus aistriúchán Nua-ghaeilge:[1][3]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 "Aided Lóegairi Búadaig". Irish Sagas Online. Dáta rochtana: 11-04-2026.
  2. "Aided Lóegairi Búadaig - Online sources". Irish Sagas Online. Dáta rochtana: 11-04-2026.
  3. 1 2 "Aided Loegaire Búadaig". MsOmit17, CELT. Dáta rochtana: 11-04-2026.