Agóidí Mahsa Amini

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAgóidí Mahsa Amini
Íomhá
Cineálsuspicious death (en) Aistrigh
marú
céasadh
brúidiúlacht na bpóilíní
bás faoi choimeád na ngardaí Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deMahsa Amini protests (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana16 Meán Fómhair 2022 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhTehran, An Iaráin Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Iaráin Cuir in eagar ar Wikidata
Ba chúis leisMahsa Amini protests (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
ÍospartachMahsa Amini (en) Aistrigh luach anaithnid Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna1 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe0 Cuir in eagar ar Wikidata
Haischlib#MahsaAmini, #Mahsa-Amini, #مهساامینی,, #مەھسائەمینی, #ژینائەمینی, #مهسا_ایمنی, #Mahsa_Amini agus #MahsaAminii Cuir in eagar ar Wikidata


Maraíodh Zhina[1] (Mahsa) Amini, bean óg 22 bliain d'aois, i dTehran san Iaráin ar 16 Meán Fómhair 2022. Thosaigh léirsithe i gcoinne póilíní moráltachta agus dlíthe hijab na hIaráine ag méadú tar éis bhás Mahsa Amini, a bhí faoi choinneáil as ucht na dlíthe sin a bhriseadh.[2] Maraíodh 537 ar a laghad san agóidíocht idir 16 Meán Fómhair 2022 - 14 Aibreán 2023.[3]

agóid i Melbourne 29 MF 2022
Comlux Aruba Boeing 787 de chuid Enrique Pineyro[4] agus portráid Amini ar an eitleán mar agóid ... Cause célèbre domhanda

Marú Amini[cuir in eagar | athraigh foinse]

agóid sa Ghearmáin agus an mana "Woman Life Freedom" ann

Bean óg Chordach ba ea Amini, a rugadh ar 21 Meán Fómhair 1999.[5] Bhí sí in éineacht lena muintir i dTehran nuair a gabh na “póilíní moráltachta” de chuid na hIaráine í. Ní raibh sí ag caitheamh an hijab, agus cuireadh ina leith gur sháraigh sí an 'moráltacht phoiblí'.

Thug gníomhairí brúidiúlacha an réimis léasadh do Amini agus fuair sí bás i ndiaidh di bheith i gcóma ar feadh trí lá. Ansin rinne na fórsaí slándála iarracht imeaglú a dhéanamh ar mhuintir Zhina.

Ar leac a huaighe, tá sé scríofa i gCordais, “Zhina, ní marbh atá tú, tá d’ainm mar chód anois.”

Agóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Spreag bás Amini gluaiseacht úrnua ón bhun aníos, a bhí ag tabhairt dúshláin ar feadh tamaill do riail na mullánna agus don réimeas san Iaráin. Phléasc agóidí amach mar gheall ar an eachtra – agóidí suí istigh, stailceanna, léirsithe ag na hollscoileanna agus os comhair na stáisiún póilíneachta, srl. Cinnte gabhadh agus buaileadh mná san Iaráin gach lá le linn 2022 as na héadaí a chaith siad. Ach spreag eachtra Amini, agus leithscéal na húdaráis gan cás gan náire, fearg ollmhór ag an am.

Agóidí thar lear (Ottawa) agus an mana "Woman Life Freedom" acu

Bhí an réimeas ag streachailt ag an am le go leor géarchéimeanna  – bhí an boilsciú agus bochtaineacht ag méadú, rudaí a théann i bhfeidhm i bhfad níos mór ar mhná. Bhí cumhacht na mullánna á ceistiú, agus na múinteoirí, hoibrithe ola, agus tiománaithe bus srl ar stailc.

Sna réigiúin Chordacha, bhí cur faoi chois ollmhór ann agus daoine á marú ag léirsithe go fiú.[6]

Mar agóid, dhiúltaigh foireann peile na hIaráine an t-amhrán náisiúnta a chanadh roimh a chéad chluiche le linn Corn FIFA an Domhain 2022.[7]

Éire agus an tAontas Eorpach[cuir in eagar | athraigh foinse]

I dtús 2023, bhí an lámh láidir a úsáid go forleathan agus go díréireach in aghaidh agóideoirí neamhfhoréigneacha.[8] Chinn an Chomhairle Eorpach 18 nduine aonair agus 19 n-eintiteas a chur leis an liosta díobh siúd atá faoi réir bearta sriantacha i gcomhthéacs chóras smachtbhannaí na hIaráine i ndáil le cearta an duine. I measc na ndaoine a liostáladh bhí :

  • ionadaithe an rialtais agus Pharlaimint na hIaráine (Majles)
  • daoine mór le rá ó thaobh na polaitíochta agus na meán de
  • comhaltaí ardleibhéil d’fhórsaí slándála na hIaráine, Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí ina measc

In Éirinn, bhí daoine i mbun agóide gach deireadh seachtaine i mBaile Átha Cliath ar feadh cúpla mí.[9]

Réiteach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní raibh de rogha ag an rialtas ach cosa a chur i dtaca agus an aghaidh dhána a chur orthu féin. De réir a chéile, chuaigh na hagóidí i léig agus bhí 'bua' éigin ag an rialtas.

Faoi dheireadh d'éirigh an cos ar bolg ró-láidir. Ag an am céanna, tá cuid den tsochaí san Iaráin tréan in aghaidh aon "liobrálú", an-láidir ina chuid coimeádachais agus díograis i leith an chreidimh ann.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. nó Jina
  2. RnaG / TÚS ÁITE le Déaglán de Bréadún (21 MEÁN FÓMHAIR 22). "Tús Áite: Léirsithe san Iaráin" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-09-14.
  3. Iran Human Rights (Aibreán 2023). "Report on 200 Days of Protest Repression/List of at Risk Protesters". Dáta rochtana: M.F. 2023.
  4. Jeroen Vogelaar (2023-01-13). "Comlux Aruba 787 Dreamliner highlights human rights violations in Iran during world tour AVIATION NEWS International Aviation News, Airshow reports, Aircraft facts, worlds largest Aviation Museum database. Civillian, Military & Space, We cover it All" (en-US). AVIATION NEWS. Dáta rochtana: 2023-09-14.
  5. "Death of Mahsa Amini" (as en) (2023-09-08). Wikipedia. 
  6. "An Iaráin Cothrom na Féinne do Zhina (Mahsa) Amini! Deireadh le Réimeas na gCléireach!" (ga-IE). Socialist Party (Ireland) (2022-10-07). Dáta rochtana: 2023-09-14.
  7. Adam Lacey (2022-11-28). "Déanann an Iaráin gearán le FIFA tar éis do SAM an tsiombail Ioslamach a bhaint dá mbratach ar líne - Extrag.ie" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-09-14.
  8. consilium.europa.eu (2023). "Amlíne — An Iaráin: Bearta sriantacha an Aontais". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-08-15. Dáta rochtana: 2023.
  9. Mairéad Ní Nuadháin (13 Eanáir 2023). "‘Ag croitheadh lámh leis an diabhal’ san Afganastáin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-09-14.