adaptxt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Adaptxt

Cineálfeidhmchlár Cuir in eagar ar Wikidata
Tuilleadh eolais
Láithreán Gréasáinadaptxt.com Cuir in eagar ar Wikidata

Is éard atá in Adaptxt ná feidhmchlár ar fhóin phóca a ligeann do dhaoine téacsáil thuarthach (nó predictive texting) a dhéanamh. Is é KeyPoint Technologies atá i mbun a fhorbartha, comhlacht atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe.

Is ar fhóin Windows amháin a bhí an feidhmchlár nuair a lainseáladh i 2006 é, ach cuireadh ar fail ar fhóin Android é freisin i 2011, an bhliain chéanna a ndearnadh feidhmchlár le cód oscailte de.

Cuireadh cumas Gaeilge, Gaeilge na hAlban agus Gaeilge Mhanann leis i mí na Samhna 2012, trí chomhoibriú idir Adaptxt, Michael Bauer, agus Kevin Scannell.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]