An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha




Rialachán is ea an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha, GSD (nó Acht) [2][3] atá infheidhme ar fud an Aontais Eorpaigh. Rialaítear leis an nGSD na hoibleagáidí atá ar sheirbhísí digiteacha, lena n-áirítear margaí, a ghníomhaíonn mar idirghabhálaithe sa ról atá acu maidir le tomhaltóirí a nascadh le hearraí, seirbhísí agus ábhar.
Tugann an GSD cosaint níos fearr d'úsáideoirí trí chearta bunúsacha a choimirciú ar líne, trí chreat cumhachtach trédhearcachta agus cuntasachta a bhunú le haghaidh ardáin ar líne agus trí chreat aonfhoirmeach aonair a chur ar fáil ar fud an Aontais.[4]
Tá sé mar aidhm ag an Acht dul i ngleic le bréagaisnéis agus le mífhaisnéis. Faoi GSD leagtar dualgais níos déine ar na hardáin mhóra i dtaca le caint agus ábhar ar líne a dhéanann dochar do dhaoine nó a spreagann daoine chun dochar a dhéanamh.[5]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir leis na rialacha ar an 23 Aibreán 2022 agus tháinig an GSD i bhfeidhm an 16 Samhain 2022 tar éis iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 27 Deireadh Fómhair 2022.[4]
Aidhmeanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá sé mar aidhm ag an Aontas Eorpach:
- Cosaint níos fearr do thomhaltóirí in aghaidh táirgí neamhdhleathacha, góchumtha agus neamhshábháilte
- Coinníollacha níos déine d’fhógraíocht spriocdhírithe, agus smacht níos mó ag úsáideoirí ar a mbeidh le feiceáil acu ar líne
- Rialacha ar leith do na hardáin mhóra atá ina ‘ngeatóirí’ ar an rochtain ar an margadh
- An geilleagar digiteach a mhúnlú ar leibhéal an Aontais chomh maith le caighdeáin a leagan síos don chuid eile den domhan, faoi mar a rinne sé le cosaint sonraí.[6]
Ba cheart do na soláthraithe seirbhíse digití go léir atá bunaithe lasmuigh den Aontas cloí le rialacha an Achta um Sheirbhísí Digiteacha má tá a gcuid seirbhísí dírithe freisin ar thomhaltóirí agus úsáideoirí san Aontas.
Oibleagáidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]I measc na n-oibleagáidí atá ar idirghabhálaithe tá an méid seo a leanas:[4]
- Bearta chun dul i ngleic le hábhar neamhdhleathach ar líne, lena n-áirítear earraí agus seirbhísí neamhdhleathacha. Forchuireann an DSA sásraí lena gceadaítear d'úsáideoirí comhartha a chur le hábhar neamhdhleathach ar líne, agus lena gceadaítear d'ardáin comhoibriú le ‘comharthóirí iontaofa' speisialaithe ábhar neamhdhleathach a shainaithint agus a bhaint;
- Rialacha chun díoltóirí a rianú ar mhargaí ar líne, chun cuidiú le muinín a chothú agus dul sa tóir ar chaimiléirí ar bhealach níos éasca; oibleagáid ar mhargaí ar líne seiceáil randamach a dhéanamh sna bunachair sonraí atá ann cheana maidir le cé acu atá nó nach bhfuil táirgí nó seirbhísí ar a gcuid suíomhanna comhlíontach; iarrachtaí leanúnacha chun inrianaitheacht táirgí a fheabhsú trí ardréitigh theicneolaíocha;
- Cosaintí éifeachtacha d'úsáideoirí, lena n-áirítear an fhéidearthacht chun agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí modhnóireachta ábhair na n-ardán bunaithe ar an eolas éigeantach nach mór d'ardáin a chur ar fáil anois d'úsáideoirí nuair a bhaintear a n-ábhar nó nuair a chuirtear srian ar a n-ábhar;
- Bearta trédhearcachta fadréimseacha d'ardáin ar líne, lena n-áirítear eolas níos fearr maidir le téarmaí agus coinníollacha, chomh maith le trédhearcacht maidir leis na halgartaim a úsáidtear chun ábhar nó táirgí a mholadh d'úsáideoirí;
- Oibleagáidí maidir le mionaoisigh a chosaint ar aon ardán san Aontas;
- Oibleagáidí ar ardáin an-mhór ar líne agus ar innill chuardaigh chun mí-úsáid a gcóras a chosc trí ghníomhaíocht rioscabhunaithe a dhéanamh, lena n-áirítear maoirseacht trí iniúchtaí neamhspleácha a dhéanamh ar a mbearta bainistithe riosca. Ní mór do na hardáin maolú a dhéanamh ar rioscaí amhail bréagaisnéis nó cúbláil toghcháin, cibearfhoréigean in aghaidh na mban, nó díobháil do mhionaoisigh ar líne. Ní mór na bearta sin a chothromú go cúramach i gcoinne srianta ar shaoirse cainte, agus tá siad faoi réir iniúchtaí neamhspleácha;
- Sásra freagartha ar ghéarchéimeanna i gcás bagairt thromchúiseach don tsláinte phoiblí agus do ghéarchéimeanna slándála, amhail paindéim nó cogadh;
- Toirmisc ar fhógraíocht spriocdhírithe ar ardáin ar líne trí leanaí a phróifíliú nó bunaithe ar chatagóirí speisialta sonraí pearsanta amhail eitneacht, tuairimí polaitiúla nó gnéaschlaonadh.
- Trédhearcacht fheabhsaithe don fhógraíocht uile ar ardáin ar líne agus ar chumarsáid tráchtála lucht tionchair;
- Toirmeasc ar ‘patrúin dhorcha', mar a thugtar orthu, a úsáid ar chomhéadan ardán ar líne, lena dtagraítear do chleasanna míthreoracha lena dtugtar ar úsáideoirí roghanna a dhéanamh nach bhfuil sé i gceist acu a dhéanamh;
- Forálacha chun rochtain ar shonraí a thabhairt do thaighdeoirí príomhardán, chun grinnscrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a n-oibríonn ardáin agus ar an gcaoi a n-athraíonn rioscaí ar líne;
- Tá cearta ag úsáideoirí, lena n-áirítear an ceart gearán a dhéanamh leis an ardán, socraíochtaí lasmuigh den chúirt a lorg, gearán a dhéanamh lena n-údarás náisiúnta ina dteanga féin, nó cúiteamh a lorg as sáruithe ar na rialacha. Anois, tá eagraíochtaí ionadaíocha in ann cearta úsáideoirí a chosaint i gcás sáruithe mórscála ar an dlí;
- Struchtúr maoirseachta uathúil. Is é an Coimisiún an príomhrialtóir d'ardáin an-mhór ar líne agus d'innill chuardaigh an-mhór ar líne (a bhíonn in úsáid ag 45 mhilliún úsáideoir ar a laghad), agus beidh ardáin agus innill chuardaigh eile faoi mhaoirseacht na mBallstát ina bhfuil siad bunaithe. Beidh cumhachtaí forfheidhmithe ag an gCoimisiún atá cosúil leis na cumhachtaí atá aige faoi imeachtaí in aghaidh trustaí. Tá sásra comhair uile-Aontais á bhunú faoi láthair idir rialálaithe náisiúnta agus an Coimisiún;
- Rinne an comhreachtóir na rialacha dliteanais d'idirghabhálaithe a athdhearbhú agus a thabhairt cothrom le dáta, lena n-áirítear toirmeasc uile-Eorpach ar oibleagáidí faireacháin ghinearálaithe.[4]

Conspóidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí cur in aghaidh láidir ag na Stáit Aontaithe i gcoinne an GSD le linn Dara téarma Trump, ó 2025 ar aghaidh.[7][8] Ní mór do sholáthraithe seirbhíse ón gcoigríoch cloí le rialacha an Aontais. Ach is fusa é a rá ná é a dhéanamh.
Google agus Alphabet v Coimisiún Eorpach (cás Android): In 2026, theip ar Google ina n-achomharc in aghaidh na fíneála a ghearr rialtóirí an Aontais Eorpaigh. Tháinig an cás seo chun chinn in 2018, roimh an GSD, Ach léirigh an cur in aghaidh go bhfuil an rialachán cosúil leis in GSD deacair a chur i bhfeidhm.
Cur i bhfeidhm in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig an tAcht i bhfeidhm in Éirinn ar an 16 Feabhra 2024, le cúramaí Choimisiún na Meán mar chomhordaitheoir ar sheirbhísí digiteacha.[9] Cúram reachtúil í seo, mar chuid den Acht um Sheirbhísí Digiteacha de chuid an AE.[10]
I ndiaidh na gcíréibeacha i mBaile Átha Cliath in 2023, bhí Éire ar an gcéad bhallstát de chuid an AE a bhain leas as ‘foláireamh’ faoin bhfuathchaint ar líne, beart a cheadaigh don Choimisiún Eorpach teagmháil dhíreach a dhéanamh leis na comhlachtaí móra meán sóisialta.[11]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Digitale-Dienste-Gesetz (Archiv)" (en agus de). Patrick Breyer (2024-04-10). Dáta rochtana: 2024-03-26.
- ↑ Béarla: Digital Services Act nó Digital Services Regulation
- ↑ https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/HTML/?uri=CELEX:32022R2065 RIALACHÁN (AE) 2022/2065 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
- 1 2 3 4 https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/qanda_20_2348 Ceisteanna agus freagraí faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha*
- ↑ "Imní ar an AE go bhfuil leas á bhaint ag gníomhaithe atá go mór ar an eite dheis as easpa modhnóirí le Gaeilge ar líne" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-11-30). Dáta rochtana: 2024-03-26.
- ↑ "Seirbhísí digiteacha: gá le caighdeáin AE chun ardáin ar líne a rialáil | Nuacht | Parlaimint na hEorpa" (ga). www.europarl.europa.eu (2020-10-23). Dáta rochtana: 2025-02-16.
- ↑ "Trump and Big Tech: Europe’s Sovereignty at Stake | Heinrich Böll Stiftung" (en). www.boell.de. Dáta rochtana: 2025-02-16.
- ↑ Jennifer Rankin (2025-01-29). "Europe ‘must not be bullied’ by Trump and Musk on tech laws, NGOs say" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2025-02-16.
- ↑ "Minister Coveney announces the commencement of the Digital Services Act 2024" (en). www.gov.ie (2024-02-19). Dáta rochtana: 2024-05-27.
- ↑ RnaG • ADHMHAIDIN (16 FEABHRA 2024). "Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-03-26.
- ↑ Pádraic Ó Ciardha (1 Nollaig 2023). "Fianaise ar bith ann gur baineadh úsáid as an nGaeilge chun fuathchaint a scaipeadh le linn círéibeacha" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-26.