Acht um Intleacht Shaorga

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí DoiciméadAcht um Intleacht Shaorga
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL LAYING DOWN HARMONISED RULES ON ARTIFICIAL INTELLIGENCE (ARTIFICIAL INTELLIGENCE ACT) AND AMENDING CERTAIN UNION LEGISLATIVE ACTS, Proposition de RÈGLEMENT DU PARLEMENT EUROPÉEN ET DU CONSEIL ÉTABLISSANT DES RÈGLES HARMONISÉES CONCERNANT L’INTELLIGENCE ARTIFICIELLE (LÉGISLATION SUR L’INTELLIGENCE ARTIFICIELLE) ET MODIFIANT CERTAINS ACTES LÉGISLATIFS DE L’UNION agus Forslag til EUROPA-PARLAMENTETS OG RÅDETS FORORDNING OM HARMONISEREDE REGLER FOR KUNSTIG INTELLIGENS (RETSAKTEN OM KUNSTIG INTELLIGENS) OG OM ÆNDRING AF VISSE AF UNIONENS LOVGIVNINGSMÆSSIGE RETSAKTER Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálbeart agus Digital policy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TírAontas Eorpach Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhábharintleacht shaorga Cuir in eagar ar Wikidata
Obair iomlánTéacs iomlán Cuir in eagar ar Wikidata

Rith Parlaimint na hEorpa dlíthe maidir le rialú na hintleachta saorga san Aontas Eorpach, ar a dtugtar an tAcht um Intleacht Shaorga,[1] ar 13 Márta 2024.[2] De réir na ndlíthe seo, tá oibleagáidí faoi leith le comhlíonadh ag córais intleachta saorga, ar nós ChatGPT, sula gceadófar dóibh feidhmiú sna ballstáit.[3]

2023 i Strasbourg, 2023-05-10
2023 i Strasbourg, 2023-05-10

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mhol an Coimisiún Eorpach an tAcht um Intleacht Shaorga sa bhliain 2020.[4] Ghlac Parlaimint na hEorpa le leasuithe ar an 14 Meitheamh 2023 maidir leis an togra.[5]

Is ar oscailteacht agus ar shábháilteacht na hintleachta saorga is mó a dhírítear na dlíthe seo. Tá córais éagsúla níos oscailte agus níos sábháilte ná a chéile agus táthar imníoch go háirithe faoi fheidhmchláir a théann i gcion ar bhonneagar, ar thoghcháin agus ar riar na córa.[3]

Oibleagáidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir na reachtaíochta an Aontais Eorpaigh, tá ar na comhlachtaí ábhartha a chruthú go bhfuil a gcuid córas sábháilte sula gceadófar dóibh feidhmiú san Aontas Eorpach. Áirítear OpenAI agus a chlár, ChatGPT, i measc na gcomhlachtaí sin.

Tá na rangaithe: 1/ riosca do-ghlactha, 2/ ard-riosca, 3/ riosca teoranta, agus 4/ riosca íosta. Tá rialacháin ag gabháil le gach catagóir.

1/ Riosca do-ghlactha. Tá córais ann nach ligfear isteach thar chab an dorais ar chor ar bith. Tá cosc iomlán, cuir i gcás, ar fheidhmchláir bhithmhéadracha a bhaineann leas as saintréithe pearsanta nó as stádas sóisialta daoine. Tá cosc freisin ar chórais intleachta saorga a mbaintear leas astu le tionchar a imirt ar iompar daoine.[3]

2/ Ard-riosca. Clúdaíonn an chatagóir seo feidhmchláir AI in earnálacha ríthábhachtacha amhail córais aitheantais bhithmhéadracha, oideachas, fostaíocht, agus imirce srl.

3/ Riosca teoranta. Caithfidh córais AI cloí le treoirlínte trédhearcachta srl.[6]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Béarla: Artificial Intelligence Act
  2. "Artificial Intelligence Act: MEPs adopt landmark law | News | European Parliament" (en). www.europarl.europa.eu (2024-03-13). Dáta rochtana: 2024-03-13.
  3. 3.0 3.1 3.2 Nuacht RTÉ (2024-03-13). "Dlíthe nua faoin intleacht shaorga rite ag Parlaimint na hEorpa" (as ga-IE). 
  4. "White Paper on Artificial Intelligence – a European approach to excellence and trust | Shaping Europe’s digital future" (en). digital-strategy.ec.europa.eu (2020-02-19). Dáta rochtana: 2024-03-13.
  5. "Téacsanna atá glactha - An Gníomh um an Intleacht Shaorga - Dé Céadaoin, 14 Meitheamh 2023" (ga). www.europarl.europa.eu. Dáta rochtana: 2024-03-13.
  6. "An tAcht um Faisnéise Saorga de chuid an AE a scaradh: Impleachtaí agus Frithghníomhú ón Tionscal - Unite.AI". www.unite.ai. Dáta rochtana: 2024-03-13.