ChatGPT

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
ChatGPT
Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálfréamhshamhail, generative artificial intelligence (en) Aistrigh, bogearra dílsithe, conversational AI (en) Aistrigh, large language model (en) Aistrigh agus ríomhróbat comhrá Cuir in eagar ar Wikidata
Bunleagan30 Samhain 2022
Leagan bogearraí
ChatGPT September 25 Version Cuir in eagar ar Wikidata
Ceadúnasnon-free Cuir in eagar ar Wikidata
Eapainmonline chat (en) Aistrigh agus GPT-1 (en) Aistrigh
Saintréithe teicniúla
Ardánbrabhsálaí Gréasáin, Comhéadan feidhmchláir, iOS agus Android
Foireann
Cruthaitheoir/íOpenAI
Forbróir(í)OpenAI
Foinsí cóid
Tuilleadh eolais
Láithreán Gréasáinchat.openai.com… (Béarla) Cuir in eagar ar Wikidata
CA. SubredditChatGPT Cuir in eagar ar Wikidata

Is bota comhrá é ChatGPT (Generative Pre-trained Transformer nó Claochladán Giniúnach Réamhthraenáilte, i nGaeilge) a sheol OpenAI i mí na Samhna 2022. Tá sé mionchoigeartaithe le teicnící foghlama faoi mhaoirseacht agus threisithe araon.

Seoladh ChatGPT mar fhréamhshamhail an 30 Samhain, 2022, agus tharraing sé aird go tapa as a chuid freagraí mionsonraithe agus sothuigthe thar go leor réimsí eolais. Aithníodh a chruinneas fíorasach éagothrom mar mhíbhuntáiste suntasach.[1] Tar éis eisiúint ChatGPT, tuairiscíodh go raibh OpenAI luacháilte ar $29 billiún.[2]

Traenáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pioneer Building, San Francisco, ceanncheathrú OpenAI
Sam Altman, Príomhfheidhmeannach OpenAI

Bhí ChatGPT mionchoigeartaithe anuas ar GPT-3.5 ag baint úsáide as foghlaim faoi mhaoirseacht chomh maith le foghlaim treisithe. Bhain an dá chur chuige úsáid as oiliúnóirí daonna chun feidhmíocht na samhla a fheabhsú. I gcás na foghlama faoi mhaoirseacht, cuireadh comhráite ar fáil don tsamhail inar imir na hoiliúnóirí an dá thaobh: an t-úsáideoir agus an cúntóir AI. Sa chéim atreisiúcháin, ar dtús, rangaigh na hoiliúnóirí daonna na freagraí a chruthaigh an tsamhail i gcomhrá roimhe seo. Úsáideadh na ranguithe seo chun 'samhlacha luaíochta' a chruthú, ionas go bhféadfaí an tsamhail a mhionchoigeartú tuilleadh, ag baint úsáide as roinnt atriallacha d'Optamú Beartais Neasaigh (OBN) (Béarla: Proximal Policy Optimization) [3][4] Tugann algartaim OBN tairbhe éifeachtach ó thaobh costais de, d'algartaim um optamú beartais réigiúin iontaoibhe; cuireann siad go leor de na hoibríochtaí ríomhchuidithe costasacha ar ceal, le feidhmíocht níos tapúla.[5] Cuireadh oiliúint ar na samhlacha i gcomhar le Microsoft ar a mbonneagar sár-ríomhaireachta Azure.

Ina theannta sin, leanann OpenAI ag bailiú sonraí ó úsáideoirí ChatGPT, a d'fhéadfaí a úsáid chun tuilleadh oiliúna a dhéanamh ar ChatGPT agus chun é a mhionchoigeartú. Tá cead ag úsáideoirí vóta a chaitheamh ar son nó in aghaidh na freagraí a fhaigheann siad ó ChatGPT; nuair a dhéantar vótáil ar son nó in aghaidh, is féidir leo réimse téacs a chomhlánú freisin chun aiseolas breise a sheoladh isteach.[6][7][8]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Vincent (5 December 2022). “AI-generated answers temporarily banned on coding Q&A site Stack Overflow” (HTML) (en-US). The Verge. Dáta rochtana: 5 December 2022.
  2. ChatGPT creator OpenAI is in talks to sell shares in a tender offer that would double the startup's valuation to $29 billion Insider, Lakshmi Varanasi, January 5, 2023
  3. OpenAI (30 November 2022). “ChatGPT: Optimizing Language Models for Dialogue” (HTML) (en-US). Dáta rochtana: 5 December 2022.
  4. Vincent (2022-12-08). “ChatGPT proves AI is finally mainstreamTeimpléad:Sndand things are only going to get weirder” (HTML) (en-US). The Verge. Dáta rochtana: 2022-12-08.
  5. van Heeswijk (29 November 2022). “Proximal Policy Optimization (PPO) Explained” (en-US). Towards Data Science. Dáta rochtana: 5 December 2022.
  6. "What is ChatGPT and why does it matter? Here's what you need to know" (en). ZDNET (2022). Dáta rochtana: 18 December 2022.
  7. ChatGPT Feedback Contest: Official Rules”. OpenAI. Dáta rochtana: 30 December 2022.
  8. Help OpenAI improve ChatGPT and get a chance to win $500” (en). Geek Culture. Medium (blogging website) (15 December 2022). Dáta rochtana: 30 December 2022.