Achtanna an Aontais 1800
Cineál | acht de chuid Pharlaimint na Breataine Móire acht de chuid Pharlaimint na hÉireann |
---|---|
Dáta foilsithe | 1800 |
Tír | Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann, Ríocht na Breataine Móire agus Ríoghacht Éireann |
Achtanna comhthreomhara de chuid Pharlaimint na Breataine Móire agus Pharlaimint na hÉireann ab ea Achtanna an Aontais 1800 (dá ngairtear in amanna An tAcht Aontais 1801 (uimhir uatha) a d’aontaigh Ríocht na Breataine Móire agus Ríocht na hÉireann (a bhí in aontas pearsanta roimhe seo) le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann a chruthú. Tháinig na hachtanna i bhfeidhm an 1 Eanáir 1801, agus bhí a chéad chruinniú ag an pharlaimint chumaiscthe 'Parlaimint na Ríochta Aontaithe', ar an Déardaoin 22 Eanáir 1801.
Tá an dá Acht fós i bhfeidhm, le leasuithe, i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Tuaisceart Éireann, ach aisghaireadh iad in Éirinn.[1] but have been repealed in the Republic of Ireland.[2]
Teideal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ritheadh dhá acht sa bhliain 1800 leis an teideal fada céanna, An Act for the Union of Great Britain and Ireland. Is é gearrtheideal an achta ná Union with Ireland Act 1800, arna sannadh le Short Titles Act 1896. Is é teideal gearr acht Pharlaimint na hÉireann ná Acht Aontais (Éire) 1800, arna sannadh le ag an Short Titles Act 1896. Is é gearrtheideal acht Pharlaimint na hÉireann ná Act of Union (Ireland) 1800, sannta ag acht de chuid Pharlaimint Thuaisceart Éireann i 1951, agus mar sin nach raibh sé éifeachtach i bPoblacht na hÉireann, áit ar tagraíodh dó faoina theideal fada nuair a aisghaireadh é i 1962.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Roimh na hAchtanna seo, bhí Éire in aontas pearsanta le Sasana ó 1541, nuair a rith Parlaimint na hÉireann an Crown of Ireland Act 1542, ag fógairt go raibh Anraí VIII Shasana ina Rí na hÉireann. Ón 12ú haois i leith, bhí fhorlámhas teicniúil ar Thiarnas na hÉireann ag Rí Shasana, sealúchas pápach. Tháinig ríochtaí na hÉireann agus Shasana araon in aontas pearsanta le hAontas na Corónach (Ghàidhlig: Aonadh nan Crùintean) sa bhliain 1603. Sa bhliain 1707, aontaíodh Ríocht Shasana agus Ríocht na hAlban ina ríocht aonair: Ríocht na Breataine Móire. Ar an aontas sin, thug gach Teach de Pharlaimint na hÉireann aitheasc comhghairdis don Bhanríon Áine, ag guí, “ "May God put it in your royal heart to add greater strength and lustre to your crown, by a still more comprehensive Union".”. [3] Bhí Parlaimint na hÉireann ag an am sin faoi réir roinnt srianta a chuir faoi réir Pharlaimint Shasana í (agus tar éis aontas Shasana agus na hAlban, Parlaimint na Breataine Móire); áfach, fuair Éire neamhspleáchas reachtach éifeachtach ón mBreatain Mhór tríd an Constitution of 1782. Faoin am seo bhí rochtain ar chumhacht institiúideach in Éirinn teoranta do mhionlach beag, na hAngla-Éireannaigh den Chinsealacht Phrotastúnach, agus mar thoradh ar frustrachas faoin easpa athchóirithe i measc thromlach na gCaitliceach, i dteannta le cúiseanna eile, dá bharr d'éirigh éirí amach i 1798, lena raibh ionradh na Fraince ar Éirinn mar pháirt ann agus neamhspleáchas iomlán a lorg ón mBreatain Mhór.
Bratach
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'athraigh bratach Shasana, Bratach an Aontais nó Jeaic an Aonaigh. Tháinig sailtír Phádraig isteach.
Nasc seachtrach
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Act of Union - Virtual Library Curtha i gcartlann 2011-08-14 ar an Wayback Machine (as Béarla)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ From legislation.gov.uk:
- ↑ From Irish Statute Book:
- ↑ Journals of the Irish Commons, vol. iii. p. 421