Jump to content

Gabháil Chríost (Caravaggio)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Saothar EalaíneGabháil Chríost

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsraith pictiúr
CruthaitheoirCaravaggio Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh17 haois
Seánraealaín reiligiúnach
GluaiseachtItalian Baroque painting (en) Aistrigh
Déanta asolaphéint
canbhás (tacaíocht péintéireachta) Cuir in eagar ar Wikidata
Méid133.5 (airde) × 133.5 (leithead) cm
Suíomh
Bailiúchán
Gabháil Chríost
Gailearaí Náisiúnta na hÉireann (Baile Átha Cliath)
Inv:L.14702
Gabháil Chríost
Odesa Museum of Western and Eastern Art (en) Aistrigh (Odesa)
Inv:7 Cuir in eagar ar Wikidata

Is pictiúr clúiteach de chuid Caravaggio é Gabháil ChríostCríost Á Ghabháil[1] (Presa di Cristo nell'orto nó Cattura di Cristo),[2] atá le fáil i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann i mBailte Átha Cliath.[3][4] Tá luach thar luach air.[5]

Gabháil Chríost le Durer, 1511
Cóip in Odesa, a raibh damáiste déanta dó

Rinne Caravaggio í a phéinteáil sa bhliain 1602.

Tháinig saineolaí - Sergio Benedetti (fostaithe ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann ag an am) - ar an phictiúr de thaisme sa bhliain 1990,agus é i lochta tí de chuid Ord na nÍosánach ar Shráid Líosain i mBaile Átha Cliath.[6][7] Bhí dearmad déanta ag an ord agus ag gach aon duine eile de. Tá an pictiúr ar taispeáint anois sa dánlann.[8]

Airbheartaíonn an phéinteáil seo le réalachas lom agus braistint greamaitheach de dhráma daonna an uair ina tógtar Críost mar phríosúnach, i ndiaidh brathadóireacht Iúdás.

Briseann an t-ealaíontóir go radacach ó thraidisiúin an tseansaoil trí léirmhíniú nua agus bunúsach a ofráil ar scéal an tSoiscéil. Tá an spás mórthimpeall ar na bhfigiúirí fad trícheathrúnach maolcheannach, agus táthar tar éis sonraí coimhthíocha a sheachaint, ag dianú ár dtaithí den radharc.

Déanann an comhdhéanamh uile – a shoilsiú agus socrú na bhfigiúirí – ár n-aird a dhíriú ar fhigiúr Íosa. I measc anord agus foréigean, tá sé cruachásach, ach géilleann sé gan frithsheasmhacht dá chinniúint.

Tá an radharc suite i solas na gealaí, frithchaite i lonracht de chathéide an tsaighdiúra. Tá lóchrann lag ag figiúr i bhfad i dtreo an taobh dheas – is féinphortráid í seo den ealaíontóir, inaitheanta ag a thréithe dóisceanta.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Pól Ó Muirí (14 Aibreán 2020). "Eachtraí iontacha Phaidí Pheadair as Toraigh ar fáil do ghlúin nua léitheoirí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-08-11.
  2. "The Taking of Christ (Caravaggio)" (as en) (2022-07-17). Wikipedia. 
  3. MICHEAL O. hAODHA (2 Eanáir 2013). "Ealaíontóir cróga a thuig a cheird" (ga). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-01-25.
  4. "Gaeilge" (ga). National Gallery of Ireland. Dáta rochtana: 2022-07-18.
  5. "The Taking of Christ by Caravaggio" (en-US). FAITH & CULTURE. Dáta rochtana: 2022-07-19.
  6. Sergio Benedetti (Iml 82, No. 328 (Geimhreadh, 1993)). "Studies: An Irish Quarterly Review, lch 385-394". Dáta rochtana: 2022.
  7. "Caravaggio Painting Found : Home : The Irish Letter". www.irishletter.com. Dáta rochtana: 2022-07-19.
  8. Pól Ó Muirí (14 Aib 2020). "Eachtraí iontacha Phaidí Pheadair as Toraigh ar fáil do ghlúin nua léitheoirí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-18.