Aberaeron

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAberaeron

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52°14′33″N 4°15′34″W / 52.24245°N 4.25939°W / 52.24245; -4.25939
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta Aontaithean Bhreatain Bheag
Contaebhuirg na Breataine BigeCeredigion Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán1,422 (2011) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús898.41 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla158.28 ha Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistSA46 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód1545 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinaberaeron.info Cuir in eagar ar Wikidata

Baile i Ceredigion, an Bhreatain Bheag, is ea Aberaeron Fuaim Fuaimniú . Trá-bhaile a tharraingíonn a lán turasóirí atá ann. Suíomh rialtais Cheredigion é freisin. Tá daonra 1,390 in agus tá 832 (59.9%) in ann Breatnais a labhairt.

Sanasaíocht an ainm[cuir in eagar | athraigh foinse]

"Béal an Aeron" an chiall atá le "Aberaeron" i mBreatnais. Abhainn sa Bhreatain Bheag í an Aeron. Ciallaíonn "aer" ár (is é sin, sléacht) agus as sin Aeron, ainm na sean-Bhreatnach ar a ndia cogaíochta.

Tíreolais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Aberaeron suite san áit a dtagann an bóthar A487 (Aberystwyth-Cardigan) agus an A482 (Aberaeron-Lampeter) le chéile, 112.7 km ó Caerdydd agus 295 ó Londain. Tá an baile suite ag béal Abhann Aeron ar chósta thiar na Breataine Bige.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Alban Thomas Jones, ministéir, a leag amach an baile agus a rinne é a thógáil sa bhliain 1805 ag bun an Aeron, a mhéadaíodh chun port a chur isteach ann. Tógadh droichead coisithe trasna na abhann san áit sin. Sa 19ú haois forbraíodh roinnt ceirdeanna in Aberaeron. De réir an Trade Directorie, foilsithe sa bhliain 1830, bhí ceardaí olla, gréasaí, muilleoir, báicéir, gabha, dhá shaor bád, siúinéir agus haitéir ag cleachtadh a gceird ar an mbaile.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]