Cair Chaladain
Cair Chaladain | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | ||||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | Albain | ||||
Limistéar comhairle in Albain | Fìobha | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 48,108 (2001) | ||||
• Dlús | 2,672.67 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 18 km² | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | KY1 agus KY2 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 01592 | ||||
Is baile suite i bhFìobha, in Albain, é Cair Chaladain (Béarla: Kirkcaldy). Tá sé suite ar chósta thoir na hAlban. Lang Toun an leasainm atá air ón mbealach a shníonn príomhshráid an bhaile tríd ar feadh 4 mhíle slí. Tá 49,460 duine ina gcónaí ar an mbaile agus 120,000 ina mhórcheantar.
Stair agus eacnamaíocht
Luadh Cair Chaladain den chéad uair i dtéacs ón 11ú haois. D'fhás an baile mar ionad trádála sna 1600idí mar gheall ar a shuíomh ar an gcósta. Saothraíodh réchúrsaí áitiúla mar shalann agus ghual. Thairgítí tairní ann. Sa 19ú haois d'éirigh tionsclaíocht an línéadaigh tábhachtach agus sa 20ú haois bhí tábhacht le tairgeadh na lionóla. Mhair sin go dtí na 1960idí.
Lárionad glaonna de chuid PayWizard an fostóir is mó. San eacnamaíocht ghinearálta, tá a lán de na seirbhísí sa chuid sin d'Albain lárnaithe i gCair Chaladain.
Daoine mór le rá
Rugadh Adam Smith, fealsamh sóisialta agus eacnamaí, i gCair Chaladain.[1] Scríobh Adams The Wealth of Nations ag teach a mháthar, 220 High Street, sna blianta 1765–1767.[2] B'as Cair Chaladain Robert Adam, ailtire agus dearthóir, chomh maith le William Adam, ailtire agus athair do Robert.[3] Rugadh Sandford Fleming, bunaitheoir an Ama Chaighdeánaigh, sa bhaile freisin.[4] Rugadh John McDouall Stuart, a thug sé shluaíocht isteach san Astráil leis an mhór-roinn sin a thaiscéaladh, rugadh é in an Dìseart, lámh leis an mbaile.[5]
Chuir tuismitheoirí Gordon Brown, iar phríomh-aire na Breataine, fúthu sa bhaile nuair a bhí Gordon 3 bliana d'aois. Feisire Parlaiminte in Westminster do Chair Chaladain atá ann anois.