Toghcháin Áitiúla Thuaisceart Éireann 2023
Cuid de | 2023 United Kingdom local elections (en) | ||
---|---|---|---|
Dáta na bliana | 18 Bealtaine 2023 | ||
Tír | an Ríocht Aontaithe | ||
Baint le limistéar údaráis | Tuaisceart Éireann | ||
Reáchtáladh toghcháin áitiúla i dTuaisceart Éireann ar 18 Bealtaine 2023. Toghadh 462 comhairleoir i 11 ceantar comhairle.
Fuair páirtithe náisiúnacha níos mó vótaí ná páirtithe aontachtacha i dtoghcán i dTuaisceart Éireann den chéad uair riamh, in iomlán Náisiúnaithe: 301k vóta nó 41% (̟+5% ó 2019), Aontachtaithe 281k vóta nó 38% (laghdú 4% ó 2019), Neamhailínithe 21%.[1][2]
Ní hamháin go raibh farasbarr 22 comhairleoir ag Sinn Féin ar an DUP ach bhí iomlán na vótaí a fuair páirtithe a chaitheann an lipéad ‘náisiúnach’ in Stormont 19,000 chun tosaigh ar an méid a fuair na páirtithe a chláraíonn mar ‘aontachtaithe’.[3]
Vótáil 55% de na toghthóirí. Caitheadh níos mó vótaí i gceantracha Náisiúnacha ná mar a caitheadh i gceantracha Aontachtacha.[4][5][6]
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Agus gan aon fheidhmeannas ag obair in Stormont ag an am, bhí deis ag daoine a dtuairim a nochtadh faoin tsáinn pholaitiúil, go háirithe baghcat an DUP ar roinnt na cumhachta.[7][8]
Sinn Féin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an líon is mó comhairleoirí (144 ̘+39 vs 2019), agus an sciar is mó de na vótaí (31̥% de na vótaí, ̟+8% vs 2019), ag Sinn Féin don chéad uair riamh i dTuaisceart Éireann. Bhain Sinn Féin suíocháin ó gach páirtí ach is ón SDLP a bhain siad leath na suíochán sa bhreis a ghnóthaigh siad. Rinne vótóirí náisiúnacha cinneadh go seolfadh siad teachtaireacht chuig an DUP go raibh sé doghlactha post an chéad-aire a cheilt ar ionadaí náisiúnach a thuill é.[3]
Scéal mór ab ea é gur bhain Sinn Féin suíocháin i ndúnáras na n-aontachtach ar an mBaile Meánach agus i Lios na gCearrbhach.
Bhí áthas an domhain ar Michelle O’Neill agus Mary Lou McDonald iad ag maíomh gur léirigh a gcaithréim go raibh polaitíocht dhearfach ag teastáil ón bpobal agus gur gá filleadh ar Stormont agus fóint ar riachtanais na ndaoine.[9]
Ba chosúil gurb í Comhairle Ceantair na hArda agus an Dúin Thuaidh an t-aon ait nach mbeadh ionadaí ag Sinn Fein, ach mhéadaigh siad a vóta ansin freisin.
DUP
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí sciar seasmhach de na vótaí ag an DUP, a bheag nó a mhór (23% de na vótaí, ̟-1% vs 2019), i gcomparáid le 2019, agus 122 comhairleoir acu (gan athrú). Bhí an ceannaire, Jeffrey Donaldson, in ann a mhaíomh gur dhaingnigh an DUP a dhún.[3]
Alliance
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Alliance (Páirtí na Comhghuaillíochta) sa tríú hait (13% de na vótaí, ̟+2% vs 2019 agus 67 comhairleoir acu, +14 vs 2019)) agus iad chun cinn ar an UUP sa cheathrú háit agus an SDLP a bhí níos faide siar.
UUP
[cuir in eagar | athraigh foinse]54 suíochán, 11% de na vótaí, laghdú 21 suíochán agus -3% ó 2019
SDLP
[cuir in eagar | athraigh foinse]39 suíochán, 9% de na vótaí, laghdú 20 suíochán agus -3% ó 2019
Mionpháirtithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’éirigh go holc leis na mionpháirtithe, An Comhaontas Glas, Pobal roimh Bhrabach, an PUP agus Aontú.[9]
Na ceantair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí 462 suíochán le líonadh ar aon cheann déag do chomhairlí. An 11 ceantar comhairle sa Tuaisceart: Comhairle Chathair Bhéal Feirste; Comhairle Ceantair Lár Uladh; Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin; Comhairle Dhoire agus an tSratha Báin; Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach; Comhairle Ceantair na hArda agus an Dúin Thuaidh; Comhairle Cathrach Lios na gCearrbhach agus an Chaisleáin Riabhaigh; Comhairle Buirge Chathair Ard Mhacha, Dhroichead na Banna agus Craigavon; Comhairle Chósta an Chlocháin agus na nGlinnte; agus Comhairle Buirge Lár agus Oirthear Aontroma.
Níos mó
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "NI council elections 2023: Sinn Féin largest party in NI local government" (en-GB). BBC News (2023-05-20). Dáta rochtana: 2023-05-23.
- ↑ P. A. Media (2023-05-20). "Sinn Féin hail ‘momentous’ result as party set to become largest in NI councils" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2023-05-23.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 Póilín Ní Chiaráin (24 Bealtaine 2023). "Léarscáil pholaitiúil an Tuaiscirt ag éirí níos glaise" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-05-24.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-05-19). "Comhaireamh ar bun i dtoghcháin áitiúla Thuaisceart Éireann" (as ga-IE).
- ↑ ADHMHAIDIN/ RnaG (18 Bealtaine 2023). "Póilín Ní Chiaráin, Iriseoir Béal Feirste." (as ga-IE).
- ↑ Tús Áite / RnaG (19 Bea 2023). "Toghcháin Áitiúla Ó Thuaidh" (as ga-IE).
- ↑ Tuairisc (2023-05-18). "Muintir an Tuaiscirt ag dul chuig na bothanna vótála" (ga-IE). PEIG.ie. Dáta rochtana: 2023-05-20.
- ↑ agóid an DUP in aghaidh an phrótacail iarBhreatimeachta ba chúis leis an tionól agus an feidhmeannas gan a bheith ag obair.
- ↑ 9.0 9.1 Póilín Ní Chiaráin (20 Bealtaine 2023). "Caithréim Shinn Féin, ardú 7.7% ar a vótaí céadrogha" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-05-20.