Nuacht TG4
Seánra | nuacht agus cúrsaí reatha |
---|---|
Láithreoir(í) | Siún Nic Gearailt agus Eimear Ní Chonaola |
Tír | Éire |
Bunteanga | an Ghaeilge |
Teanga | an Ghaeilge |
Bealach teilifíse | TG4 |
Fad na n-eipeasóidí | 30 min |
Tuilleadh eolais | |
Suíomh oifigiúil | tg4.ie… |
Clár nuachta Gaeilge is ea Nuacht TG4, a chraoltar go beo gach lá ar an stáisiún TG4. Cuirtear an bhéim ar nuacht agus tuairiscí a bhaineann leis an nGaeltacht agus an Ghaeilge araon, chomh maith le cuntais ar nuacht náisiúnta agus idirnáisiúnta. Cuireadh tús leis ar an 31 Deireadh Fómhair 1996, faoin ainm Nuacht TnaG agus le Gráinne Seoige mar láithreoir. Ón 13 Iúil 2009 ar aghaidh, bíonn gach eagrán ag teacht go beo ó stiúideonna TG4 i mBaile na hAbhann, Contae na Gaillimhe.
Taispeántar cláir a mhaireann tríocha nóiméad ag 19:00 idir Luain agus Aoine, agus cláir níos giorra ag 18:45 ag an deireadh seachtaine. Is cuid de Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ é Nuacht TG4, an chraobh den craoltóir náisiúnta atá freagrach as cúrsaí nuachta. Tá lucht féachana de 35-40,000 ag an gclár.
Láithreoirí
Is í Eimear Ní Chonaola a chuireann an clár i láthair don chuid is mó, le Maolra Mac Donnchadha ina háit ar laethanta áirithe eile. Feictear daoine de na tuairisceoirí ann anois agus arís, mar shampla Ailbhe Ó Monacháin. Is é Rónán Ó Domhnaill an comhfhreagraí polaitiúil, agus bíonn Ruairí Mac Con Iomaire ann leis an tuairisc spóirt.
- 1996-1998: Gráinne Seoige agus Gillian Ní Cheallaigh
- 1998-2002:Ailbhe Ó Monacháin
- 2002-2004: Siún Nic Gearailt
- 2004-inniu: Eimear Ní Chonaola
Tuairisceoirí
I measc na dtuairisceoirí atá ag obair ar Nuacht TG4 ná Seán Mac a tSíthigh, Irene Ní Nualáin, Rónán Mac Con Iomaire, Áine Lally, Máire T. Ní Mhadaoin, Catherine Ní Ghuairim, Tomás Ó Mainnín, Caoimhe Ní Laighin agus Áine Ní Bhreisleáin.
Tagairtí
Is síol teilifíse é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |