Cionaoth mac Flainn
Cuma
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 770 |
Rí | |
757 – 770 (bás in oifig) | |
Teaghlach | |
Páiste | Flaithnia mac Cionaoith |
Athair | Flann Dá Chongal |
Siblín | Ailill Corrach mac Flainn, Flaithnia mac Flainn, Cumascach mac Flainn agus Mughrón mac Flainn |
Rí Uí Fhailí ba ea Cionaoth mac Flainn (Sean-Ghaeilge Cináed mac Flainn) (bás 770). [Fland Dá Chongal]], iar-rí, ba ea a athair,[1] agus Éireanach, iníon Mhurchadha na Mí (bás 715), rí Uisnigh a mháthair. An dara mac acu dá ndearnadh rí de a bhí sé. Bhí sé i réim ón mbliain 757 go 770.[2]
Sa bhliain 770, thug sé a dhúshlán an tArdrí Laigean, Cellach mac Dúnchada (bás 776). Ag an am céanna, bhí ruathair á dhéanamh ar an gceantar ag Uí Néill an Deiscirt, an tArdrí, Dúnchadh na Mí ina measc (bás 797). Cloíodh agus maraíodh Cionaoth i gCath Áth Orc (Uíbh Fhailí) i dteannta lena dheartháir, Ceallach, agus a chomhghuaillí, Cathnia mac Bécce desna Fothairt.[3][4][5]
Rinneadh rí Uí Fhailí dá mhac Flaithnia (bás 806).
Foinsí
- Annála Uladh, iml. 1
- Leabhar Laighneach, at Rig hua Falge
- Donnchadh Ó Corráin, Rawlinson B 502, Ginealaigh
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Ó Cróinín, Dáibhí (2005), A New History of Ireland, imleabhar One, Oxford: Oxford University Press
Naisc sheachtracha
Tagairtí
- ↑ Mac Niocaill, lch. 127
- ↑ Tugtar réimeas ocht mbliana déag dó sa Leabhar Laighneach.
- ↑ Annála Uladh, AU 770.4
- ↑ Mac Niocaill, lch. 130
- ↑ Byrne, lch. 157