Sá Turku 2017

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó 2017 Sá Turku)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtSá Turku 2017
Íomhá
Map
 60°27′07″N 22°15′59″E / 60.4519°N 22.2664°E / 60.4519; 22.2664
Cineálionsaí sáite
ionsaí sceimhlitheoireachta Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana18 Lúnasa 2017 Cuir in eagar ar Wikidata
Fad ama3 min Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhVI District, An Fhionlainn (en) Aistrigh
Turku Market Square, An Fhionlainn (en) Aistrigh
Puutori, An Fhionlainn (en) Aistrigh
Túrcú, An Fhionlainn Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Fhionlainn Cuir in eagar ar Wikidata
Baint le limistéar údaráisan Fhionlainn Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Sprioccoisí agus sibhialtach Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna2 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe8 Cuir in eagar ar Wikidata
Armscian Cuir in eagar ar Wikidata
Cúiseamhsceimhlitheoireacht, dúnmharú agus iarracht ar dhúnmharú Cuir in eagar ar Wikidata
CúirtDistrict Court of Southwest Finland (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Pionóspríosúnacht saoil ((15 Meitheamh 2018), District Court of Southwest Finland (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata

Is éard a bhí i gceist le sá Turku ná spraoimharú nó iarracht spraoimharaithe a rinneadh timpeall ar a ceithre a chlog ar an ochtú lá déag de Mhí Lúnasa 2017 i bpanc an aonaigh i lár chathair Turku in Iardheisceart na Fionlainne.

Sháigh an marfóir deichniúr agus fuair beirt acu bás. Mná ab ea iad siúd a fuair bás. Bhíothas an-luath ag cur na n-imeachtaí in iúl do na póilíní agus níor thóg sé ach cúig nóiméad orthu an t-amhrastach a sháinniú is a ghabháil.

Tháinig chun solais gur fear ó Mharacó darbh ainm Abdurrahman Bouanane, agus é ar lorg tearmainn san Fhionlainn. Fuair sé diúltú dá iarratas tearmainn agus chuaigh sé le radacachas ina dhiaidh sin, agus é ag priontáil amach forógraí bolscaireachta de chuid an ISIS ón Idirlíon. Mionchoirpeach a bhí ann a chaith seal sa Ghearmáin roimhe sin agus é ag déanamh coireanna.

Ghlac na húdaráis leis gurbh é seo an chéad ghníomh sceimhlitheoireachta den chineál a rinneadh san Fhionlainn riamh agus an chéad ghníomh sceimhlitheoireachta d'aon chineál a rinneadh sa tír sna blianta i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]