2017 Buamáil an Láthair Mhanchain
Ar an 22 Bealtaine 2017, phléasc buama i bhforhalla an Arena i Manchain, Sasana.
Salman Abedi ( 22 bliain d'aois) de bhunadh na Libia ach a rugadh agus a tógadh i Sasana, an té a rinne an t-ionsaí buamála sa chathair.[1]
Bhí ceolchoirm Ariana Grande ar siúl. Maraíodh 23, Abedi san áireamh, agus gortaíodh breis is 250, ar an ionsaí is marfaí sa Bhreatain ó maraíodh 52 duine sa chóras iompair phoiblí i Londain i mí Iúil 2005.. Bhí go leor páistí i measc lucht féachana na ceolchoirme, agus bhí na scórtha tuismitheoirí cráite ag lorg a bpáistí agus ag impí eolais ar an bpobal trí na meáin shóisialta.[2]
Mhaígh an eagraíocht a dtugann Stát Ioslamach orthu féin gurbh iad a bhí freagrach as an ionsaí. Bhí sé ag gníomhnú mar chuid de ghreasán seachas ina aonar.[3]
Bhí an feachtas olltoghcháin ag an am curtha ar atráth ag na páirtithe polaitíochta sa Bhreatain de bharr an ionsaithe.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Fear a bhí freagrach as buamáil Mhanchain ainmnithe ag na póilíní" (in ga) (2017-05-23).
- ↑ "Cailín óg as Gaeltacht na hAlban i measc na marbh i ndiaidh ionsaí Mhanchain" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-04-23.
- ↑ RTE (2017). "'Salman Abedi ag gníomhú mar chuid de ghréasán'". Dáta rochtana: 2019.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |