Únúnoictiam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Únúnoictiam
Siombail Cheimiceach Uuo
Uimhir Adamhach 118
Meáchan Adamhach 294 (an t-aon iseatóp
amháin a gineadh)
Grúpa, Peiriad 18, 7
Dlús
Sraith Cheimiceach
Uuo-TableImage.png

Is dúil cheimiceach é an t-únúnoictiam. Is í an uimhir adamhach atá aige ná 118, agus is é an giorrúchán sealadach a úsáidtear le tagairt a dhéanamh dó ná Uuo. Dúil radaighníomhach atá ann nach bhfuil mórán teacht aniar inti, agus níor éirigh leis na saineolaithe ach trí adamh (!) den dúil seo a chruthú go nuige seo. Mar sin, ní féidir mórán a rá faoi shaintréithre ceimiceacha an únúnoictiam. Is dócha gur triathghás atá ann, áfach.

Sa bhliain 2002 a gineadh an chéad núicléas i nDubna i Moscó, áit a raibh na fisiceoirí Meiriceánacha agus Rúiseacha ag obair in éineacht.