Óganasan
Óganasan | |
Siombail Cheimiceach | Og |
Uimhir Adamhach | 118 |
Meáchan Adamhach | 294 (an t-aon iseatóp amháin a gineadh) |
Grúpa, Peiriad | 18, 7 |
Dlús | |
Sraith Cheimiceach | |
![]() |
Is é an t-óganasan dúil cheimiceach uimhir a 118, agus is í an tsiombail cheimiceach ná Og. Fuair an dúil a hainm ón bhfisiceoir Rúiseach Yuri Oganessian a raibh an-pháirt aige i dtaighde na ndúl trom trasúránach. Ba iad na fisiceoirí Meiriceánacha agus Rúiseacha, agus iad ag comhoibriú i gComhinstitiúid an Taighde Núicléach i nDubna in aice le Moscó, a d'aithin an chéad adamh óganasain sa bhliain 2002, agus fuair an dúil a hainm ar an 28 lá de Mhí na Samhna 2016. Tá an t-óganasan suite i ngrúpa na dtriathghás, ach is deacair aon rud cinnte a rá i dtaobh a airíonna ceimiceacha, nó níor aonraigh na fisiceoirí aon eiseamal suntasach óganasain go nuige seo—ní dhearna siad ach adaimh aonair a ghineadh le himthoscaí saotharlainne. Is é 295Og an t-iseatóp is cobhsaí de chuid an óganasain is eol do na fisiceoirí, agus é féin gan ach 181 mhilleasoicind ar leathré.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |