Éilís Ní Dhuibhne
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 22 Feabhra 1954 71 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Ollscoil Chóbanhávan |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | úrscéalaí |
| Ball de | |
| Ainm cleite | Eilis Almquist |
| Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
| Saothar | |
| Suíomh a chartlainne | |
| Suíomh gréasáin | eilisnidhuibhne.com |
Scríbhneoir agus criticeoir Éireannach is ea Éilís Ní Dhuibhne (a rugadh ar an 22 Feabhra 1954 i mBaile Átha Cliath). Tugtar Elisabeth O'Hara uirthi freisin. In 2025, d’fhógair An Chomhairle Ealaíon a hainmniúchán mar Laureate nua don Fhicsean Éireannach 2025-2028.[1]

Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh i mBaile Átha Cliath í agus is ann atá cónaí uirthi go fóill. Scríobh sí faoina hóige ag fás aníos mar Ghaeilgeoir i Raghnallach sna 1950idí agus 1960idí sa leabhar Fáinne Geal an Lae a foilsíodh sa mbliain 2023.[2]
Bhain sí amach dochtúireacht sa Bhéaloideas sular thosaigh sí ar phost mar choimeádaí leabharlainne i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Is i ngort na litríochta, áfach, is mó atá cáil agus clú uirthi. Scríobhann Ní Dhuibhne as Béarla agus as Gaeilge, agus clúdaíonn a saothar réimse maith ábhar: úrscéalta, gearrscéalta, drámaí, agus scéalta do leanaí san áireamh.
Mar Laureate 2025-2028, dúirt Éilís Ní Dhuibhne go bhfuil súil aici ardán a thabhairt d'fhicsean na Gaeilge chomh maith le ficsean an Bhéarla. ‘Oileán na Samhlaíochta’ an téama atá ag Éilís agus tá súil aici cuairt a thabhairt ar gach contae in Éirinn i rith a tréimhse mar Laureate.[2]
Is ball d'Aosdána í.
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ó thaobh na Gaeilge de, is iad na drámaí Milseog an tSamhraidh agus Dún na mBan trí thine na chéad shaothair a foilsíodh, ach is é Dúnmharú sa Daingean (2000) a rinne údar mór le rá Gaeilge di. Lean úrscéal eile Cailíní Beaga Ghleann na mBláth in 2003. Baineann Ní Dhuibhne leas as Gaeilge shimplí sho-léite, a bhfuil rian an Bhéarlachais uirthi go minic, chun scéalta casta lán de mhothúchán a chur os comhair an léitheora.
Is minic a úsáideann sí miotais na Gaeilge, ar nós foirfeacht na Gaeltachta, sonas na gcoláistí samhraidh, nó neamhurchóideachas an bhéaloidis, mar chúlra chun castacht an tsaoil a thaispeáint. Airíonn Ní Dhuibhne éadroime a bheith lena cuid scríbhneoireachta i nGaeilge agus tá tuairim aici go mbaineann sé sin lena caidreamh féin leis na nGaeilge agus am saor a bhí aici sa nGaeltacht i gcaitheamh a saoil. “Braithim féin de ghnáth nuair a scríobhaim i nGaeilge go bhfuil sé níos éadroime agus go mbíonn níos mó den súgradh i gceist, sílim go mbraitheann sé sin ar an gcomhthéacs agus an taithí atá agat. Domsa ó bhí mé i mo pháiste baineann an Ghaeltacht leis an samhradh agus a bheith ar laethanta saoire agus téann an t-atmaisféar sin i bhfeidhm ort ar bhealach i do chuid scríbhneoireachta.”[2]
Béarla
[cuir in eagar | athraigh foinse]Maidir leis an mBéarla, is óna peann atá na húrscéalta: The Bray House (1990), Singles (1992), agus The Dancers Dancing (1999), a cuireadh ar ghearrliosta an duais Orange 2000. Ceithre chnuasach de ghearrscéalta atá foilsithe aici go nuige seo: Blood and Water (1988), Eating Women is Not Recommended, The Inland Ice and Other Stories (1997), agus Pale Gold of Alaska and Other Stories (2001). Le haghaidh páistí a scríobhadh The Uncommon Cormorant, The Hiring Fair, agus Hugo and the Sunshine Girl.
Ar cheann de na saothair is deireanaí léi tá Twelve Thousand Days: A Memoir a bhí ar an ngearrliosta do Ghradam Michel Déon sa mbliain 2020.
Úrscéalta Béarla
[cuir in eagar | athraigh foinse]- The Bray House (1990)
- Singles (1994)
- The Dancers Dancing (1999)
- Fox, Swallow, Scarecrow (2007)
Dírbheathaisnéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Úrscéalta Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Dúnmharú sa Daingean (2001)
- Cailíní Beaga Ghleann na mBláth (2003)
- Hurlamaboc (2005)
- Dun an Airgid (2007)
- Dordán (2011)
- Aisling nó Iníon A (2015)
Bailiúcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Blood and Water (1989)
- Eating Women Is Not Recommended (1991)
- The Inland Ice (1997)
- The Pale Gold of Alaska (2000)
- Midwife to the Fairies (2003)
Leabhair do Pháistí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- The Hiring Fair (1992)
- Blaeberry Sunday (1993)
- Penny Farthing Sally (1996)
- The Sparkling Rain (2004)
Drámaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Dún na mBan Trí Thine
Amharclann de hÍde. Léiríodh an dráma den chéad uair sa Peacock, BÁC, 1995; - Milseog an tSamhraidh
Amharclann de hÍde Léiríodh an dráma den chéad uair in Amharclann Samuel Beckett, Coláiste na Tríonóide, sa bhliain 1996; - The Wild Swans
Amharclann na Mainistreach. Léiríodh an dráma den chéad uair sa Peacock, BÁC, 1998.
Duaiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Arts Council Bursaries 1986, 1996
- Listowel Poetry Award
- Duaiseanna Oireachtais do dhráma agus d'úrscéalta
- Bhí Gradam Stuart Parker bronnta uirthi as a cuid scríbhneoireachta don stáitse.
- Duais an Bhuitléaraigh don phrós (American Association of Irish Studies)
- Bisto Merit awards (The Hiring Fair agus Hurlamanoc), Bisto Book of the Year (Blaeberry Sunday)
- Bhí The Dancers Dancing ar ghearrliosta an Orange Prize sa bhliain 2000.[5]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Tagann sí i ndiaidh Colm Tóibín a bhí ina Laureate ó 2022-2024 agus is í an ceathrú scríbhneoir sa ról sin. Ba í Anne Enright an chéad Laureate agus tháinig Sebastian Barry ina diaidh.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Bridget Bhreathnach (23 Iúil 2025). "Laureate nua ag súil le haird a tharraingt ar scríbhneoirí ‘dofheicthe’ na Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-07-24.
- ↑ "Twelve Thousand Days: A Memoir of Love and Loss | Éilís Ní Dhuibhne | download on Z-Library". z-library.sk. Dáta rochtana: 2025-07-24.
- ↑ "Loving and Losing" (en-US). DRB. Dáta rochtana: 2025-07-24.
- ↑ http://www.eilisnidhuibhne.net/index.php?option=com_content&task=view&id=14&Itemid=27 Curtha i gcartlann 2008-06-02 ar an Wayback Machine, don liosta go leor, agus na duaiseanna.
- Rebecca Pelan, eag, Éilís Ní Dhuibhne: Perspectives. Gaillimh, Arlen House, 2009.