Ångström

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí AonadÅngström
Hydrogengassmolekyl.png
Cuir in eagar ar Wikidata
Cineál aonad faid agus aonad díorthaithe UCUM Cuir in eagar ar Wikidata
Aonad de fad Cuir in eagar ar Wikidata
Carachtar Unicode Å Cuir in eagar ar Wikidata
Eapainm Anders Jonas Ångström Cuir in eagar ar Wikidata
Tiontuithe aonad
In aonaid SI 0 m Cuir in eagar ar Wikidata
In aonaid caighdeánacha 1,000,000,000 nå Cuir in eagar ar Wikidata


Is éard is ångström (nó uaireanta i nGaeilge: angstram) ann ná aonad faid a úsáidtear sa chriostalghrafaíocht agus i mbrainsí bainteacha fisice. Is í an tsiombail Å a sheasann dó, agus is ionann 1 Å agus 10-10 m - is féidir a rá freisin gurb ionann aon nanaiméadar (nm) amháin agus deich n-angstram. Ní cuid de chóras idirnáisiúnta na n-aonad (SI) é an t-angstram. Fuair an t-aonad a ainm ón bhfisiceoir Sualannach Anders Ångström. Scríobhtar an tsiombail Å i gcónaí leis an comhartha idirdhealaitheach, mar atá an litir san aibítir Shualainnise. Is minic a scríobhtar ainm an aonaid i nGaeilge agus i mBéarla gan na comharthaí diaicritice, ach tá siad ann sna sainmhínithe oifigiúla.[1][2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Webster′s Encyclopedic Unabridged Dictionary of the English Language. Portland House, 1989.
  2. http://www.tearma.ie/Search.aspx?term=%C3%A5ngstr%C3%B6m, An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge