Jump to content

Criostalagrafaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Criostalghrafaíocht)
Criostalghrafaíocht

Is éard is criostalagrafaíocht[1] ann ná staidéar ar chriostail, a bhfoirmeacha seachtracha is a struchtúir inmheánacha, le micreascóip optúla is eile. Léiríonn criostail siméadrachtaí iontacha, rud a thairg teoiric adamhach do Nicolaus Steno (1638-1686). Tugann an staidéar ar dhíraonadh X-ghathanna ag criostail, a fheidhmíonn mar ghríleanna díraonta, an-chuid eolais ar eagrú is nascadh na n-adamh i gcriostail, agus timpeallachtaí eile chomh maith.[2]

  1. “criostalagrafaíocht” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-11-12.
  2. Hussey, Matt (2011). "Criostalghrafaíocht (sic)". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 182.