Áirse

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Áirse

San ailtireacht, cuid d'fhoirgneamh nó struchtúr as féin, a dhéantar as clocha dingchruthacha nó píosaí eile, os cionn oscailte, a choinníonn í féin suas chomh maith le haon ualach os a cionn. Bíonn áirsí clasaiceacha is Normannacha leathchiorclach. Tá stíleanna eile ann le cruthanna éagsúla: éilips, crú, bior, pointe, cuar is eile. Baintear feidhm as áirse chúnta, áirse gan oscailt, chun cuid d'ualach an bhalla a dhíriú amach ó áirse atá níos ísle sa bhalla.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Áirse". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 27.