Áed Ruad, Díthorba agus Cimbáeth

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Áed Ruad)

I Miotaseolaíocht na nGael, Ard-Ríthe seanscéalach na hÉireann ab Áed Rúad mac Badarn, Díthorba mac Deman agus Cimbáeth mac Fintan, triúr garmhac Airgeadmhair.

Bhí an triúr i réim ar bhonn uainíochta, ar thrí sheal seacht-mbliana. Fuair Áed bás ag deireadh a thríú seala, ag bádh i n-eas darb ainm anois Eas Rua[1] as (roimhe sin, Eas Doinn). Deirtear gurbh fheart mara agus gaoithe a bhás.[2] Thóg Díthorba agus Cimbáeth a sealanna, agus ansin d'éalaigh Macha Mong Rúad, iníon Áed, teacht i réim ina áit. Dhiúltaigh Díthorba agus Cimbáeth í, agus tharla cath. Maraíodh Díthorba, agus chuir Macha iachall ar a mhic ráth a thógáil di ag Eamhain Mhacha. Phós sí Cimbáeth agus bhí siad beirt i réim ar feadh seacht mbliana fós. D'éag Cimbáeth den phlá ansin, d'éirigh Macha ina banríon ina haonar, an t-aon Ard-Bhanríon amháin in Éirinn.

Uainíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl na foinsí ar aon tuairim faoi réim na huainíochta.

Níl ÁedDíthorba ann mar Ard-Ríthe ar chor ar bith i Leabhar Gabhála na hÉireann. Tar éis bás an t-iar-Ard-Rí Lugaid Laigdech, maraithe ag Áed, chuireadh isteach scéal an dinnseanchais faoi bhunú Eamhna Mhacha. Ansin tháinig Cimbáeth i gcoróin, i gcomharbacht a deirtear ar Dhíthorba, agus a bhí i réim ar feadh ocht mbliana is fiche.[3]

Insítear i scéal an dinnseanchais conas a bhí na colanna ceathrar i réim ar bhonn uainíochta, ar seal seacht mbliana faoi thrí.[4]

Aontaíonn Annála na gCeithre Máistrí leis seo,[5] ach de réir Seathrún Céitinn, bhí Áed agus Díthorba i réim beirt ar feadh aon bhliain is fiche, Cimbáeth ar feadh fiche.[6]

Achar ama[cuir in eagar | athraigh foinse]

I bhfoinsí ar leith, faightear croineolaíochtaí ar leith dá réim:

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Assaroe, Béal Átha Seanaidh, Contae Dhún na nGall
  2. Révue Celtique via archive.org
  3. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 261–263
  4. Eugene O'Curry, Lectures on the Manuscript Materials of Ancient Irish History, 1861, Appendix No. XXXVIII
  5. Annála na gCeithre Máistrí, M4469-4539
  6. Foras Feasa ar Éirinn, 1.27


Réamhtheachtaí
Lugaid Laigdech


Lugaid Loígde

Ard-Ríthe na hÉireann
(ar bhonn uainíochta)

LGÉ 4ú haois RC
FFÉ 530–468 RC
ACM 731–661 RC
Comharba
Macha