Áed Ruad, Díthorba agus Cimbáeth
I Miotaseolaíocht na nGael, Ard-Ríthe seanscéalach na hÉireann ab Áed Rúad mac Badarn, Díthorba mac Deman agus Cimbáeth mac Fintan, triúr garmhac Airgeadmhair.
Bhí an triúr i réim ar bhonn uainíochta, ar thrí sheal seacht-mbliana. Fuair Áed bás ag deireadh a thríú seala, ag bádh i n-eas darb ainm anois Eas Rua[1] as (roimhe sin, Eas Doinn). Deirtear gurbh fheart mara agus gaoithe a bhás.[2] Thóg Díthorba agus Cimbáeth a sealanna, agus ansin d'éalaigh Macha Mong Rúad, iníon Áed, teacht i réim ina áit. Dhiúltaigh Díthorba agus Cimbáeth í, agus tharla cath. Maraíodh Díthorba, agus chuir Macha iachall ar a mhic ráth a thógáil di ag Eamhain Mhacha. Phós sí Cimbáeth agus bhí siad beirt i réim ar feadh seacht mbliana fós. D'éag Cimbáeth den phlá ansin, d'éirigh Macha ina banríon ina haonar, an t-aon Ard-Bhanríon amháin in Éirinn.
Uainíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Níl na foinsí ar aon tuairim faoi réim na huainíochta.
Níl Áed nó Díthorba ann mar Ard-Ríthe ar chor ar bith i Leabhar Gabhála na hÉireann. Tar éis bás an t-iar-Ard-Rí Lugaid Laigdech, maraithe ag Áed, chuireadh isteach scéal an dinnseanchais faoi bhunú Eamhna Mhacha. Ansin tháinig Cimbáeth i gcoróin, i gcomharbacht a deirtear ar Dhíthorba, agus a bhí i réim ar feadh ocht mbliana is fiche.[3]
Insítear i scéal an dinnseanchais conas a bhí na colanna ceathrar i réim ar bhonn uainíochta, ar seal seacht mbliana faoi thrí.[4]
Aontaíonn Annála na gCeithre Máistrí leis seo,[5] ach de réir Seathrún Céitinn, bhí Áed agus Díthorba i réim beirt ar feadh aon bhliain is fiche, Cimbáeth ar feadh fiche.[6]
Achar ama
[cuir in eagar | athraigh foinse]I bhfoinsí ar leith, faightear croineolaíochtaí ar leith dá réim:
- Leabhar Gabhála na hÉireann: Alexander the Great (336–323 RC).
- Foras Feasa ar Éirinn: 530–469 RC.
- Annála na gCeithre Máistrí : 731–661 RC.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Assaroe, Béal Átha Seanaidh, Contae Dhún na nGall
- ↑ Révue Celtique via archive.org
- ↑ R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 261–263
- ↑ Eugene O'Curry, Lectures on the Manuscript Materials of Ancient Irish History, 1861, Appendix No. XXXVIII
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, M4469-4539
- ↑ Foras Feasa ar Éirinn, 1.27
Réamhtheachtaí Lugaid Laigdech |
Ard-Ríthe na hÉireann (ar bhonn uainíochta) LGÉ 4ú haois RC FFÉ 530–468 RC ACM 731–661 RC |
Comharba Macha |